11 DFómh 2022, 18:35
Tiocfaidh an Comhchoiste um Oideachas, Breis agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht le chéile amárach Dé Céadaoin, 12 Deireadh Fómhair ag 5:30pm leis an Aire Oideachais, Norma Ní Fhoghlú TD i Seomra Coiste 1, Theach Laighean.
Déanfar sa chruinniú 4 sheisiún na nithe seo a leanas a phlé:
• Ionad Beatha Chorcaí agus an Tuarascáil ar an Athbhreithniú ar Sholáthar Oideachais Lasmuigh den Scoil.
• An dul chun cinn atá déanta maidir le cur i bhfeidhm na moltaí atá i dTuarascálacha an Chomhchoiste dar teideal ‘Bulaíocht Scoile agus an tionchar ar Mheabhairshláinte’ agus ‘Athchóiriú na hArdteistiméireachta: an gá atá le Timthriall Sinsearach nua’.
• Soláthar teagaisc a chuimseoidh ganntanas múinteoirí, clárú leis an gcomhairle mhúinteoireachta, éagsúlacht múinteoirí agus líofacht Ghaeilge na múinteoirí bunscoile.
• Moltaí chun Seirbhísí Fisiciúla agus Leabharlainne Digití a leathnú i Scoileanna
Is féidir breathnú ar an gcruinniú i Seomra Coiste 1 beo ar Oireachtas TV.
Féadfaidh tú a thuilleadh a léamh faoin obair a dhéanann an Comhchoiste um Oideachas, Breisoideachas agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.
Fiosrúcháin ó na meáin
Stephen Higgins
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 (0) 1 618 4743
+353 (0) 85 801 3096
Twitter: @OireachtasNews
Comhaltas coiste
Teachtaí