Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste um Fhormhaoirsiú Buiséid chun athchromadh ar a phlé ar Chaiteachais Chánach: Creidmheas Cánach Alt 481 i dtaobh Faoiseamh i leith Scannán

18 Ean 2023, 12:29

Athchromfaidh an Coiste um Fhormhaoirsiú Buiséid ar an gcruinniú ar Chaiteachais Chánach: Creidmheas Cánach Alt 481 i dtaobh Faoiseamh i leith Scannán ar 17:30 i Seomra Coiste 2 de Theach Laighean.

Cloisfidh an Coiste ó ionadaithe ón Roinn Airgeadais agus ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

 Is féidir breathnú ar an gcruinniú i Seomra Coiste 2 beo ar Oireachtas TV.

Féadfaidh tú a thuilleadh a léamh faoin obair a dhéanann an Coiste um Fhormhaoirsiú Buiséid.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Stephen Higgins

Tithe an Oireachtais,

Oifigeach Cumarsáide,

Teach Laighean, 

Baile Átha Cliath 2

+353 (0) 1 618 4743

+353 (0) 85 801 3096

stephen.higgins@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie

Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn