Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Breithniú ar Fhís TG4 agus na Dúshláin ata roimh an stáisiún á dhéanamh ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge

31 Ean 2023, 15:19

Ag a chruinniú amárach, Dé Céadaoin, an 1 Feabhra 2023, déanfaidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge a bhreithniú ar an ábhar ‘Fís TG4 agus na dúshláin atá roimhe’.

Beidh Ard-Stiúrthóir an stáisiúin, Alan Esslemont, agus Cathaoirleach nua Bhord TG4, Anna Gallagher, ag freastal ar an gcruinniú agus ag plé an ábhair seo le Comhaltaí an Chomhchoiste.

Tosóidh an cruinniú ag 13.30 i Seomra Coiste 4, TL 2000, Teach Laighean.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Is mian liom, mar Chathaoirleach, comhghairdeas ó chroí a ghabháil leis an gCathaoirleach nua, ar mo shon féin agus ar son Chomhaltaí eile an Chomhchoiste, as a ceapachán, agus guímis gach rath uirthi ina cúraimí nua.

“Tá feidhm ar leith ag TG4 cláir agus seirbhísí trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do mhuintir oileán na hÉireann uile, agus do phobal na Gaeilge trasna an domhain. Is mór an dúshlán é sin, agus tréaslaím leis an stáisiún as an sár-obair atá déanta aige ó chéadbhunaíodh é i 1996.

“Tá dhá ghné ar leith de na seirbhísí a sholáthraíonn TG4 ba mhian leis an gComhchoiste a phlé amárach: an tseirbhís a sholáthraíonn an staisiún do chainteoirí dúchasacha agus líofa, agus an tseirbhís a sholáthraíonn sé do fhoghlaimeoirí na Gaeilge, nó do dhaoine nach bhfuil Gaeilge líofa acu, ach ar mhaith leo cúnamh a fháil an sprioc sin a bhaint amach dóibh féin.

“Tá feidhm ar leith, feidhm de na feidhmeanna is tábhachtaí i gcur chun cinn na Gaeilge, agus i labhairt na Gaeilge a spreagadh agus a leathnú mar ghnáth-theanga cumarsáide ar shráideanna na hÉireann, ag TG4, agus is mian liom na féidearthachtaí ata ann a iniúchadh ag an gcruinniú amárach.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Is féidir an cruinniú, i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Teilifís an Oireachtais.

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, a bhfuil ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn