Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste um Fhormhaoirsiú Buiséid le teacht le chéile chun athchromadh ar scrúdú ar Thuarascáil an Choimisiúin um Chánachas agus Leas – Caibidlí 9, 10, 11 agus 12

1 Feabh 2023, 10:19

Tiocfaidh an Coiste um Fhormhaoirsiú Buiséid le chéile Dé Céadaoin, 1 Feabhra chun athchromadh ar a scrúdú ar Thuarascáil an Choimisiúin um Chánachas agus Leas - Caibidlí 9, 10, 11 agus 12 ar 5.30 pm i Seomra Coiste 2 i dTeach Laighean.

Éistfear le linn an chruinnithe le hionadaithe thar ceann Institiúid Taighde Eacnamaíochta Nevin agus Chomhdháil na gCeardchumann.

Ag caint di roimh an gcruinniú, dúirt An Teachta Neasa Ní Argáin TD, Cathaoirleach an Choiste, “Díreoimid ár n-aird arís sa chruinniú a bheidh againn ar Chaibidlí 9 go 12 de Thuarascáil an Choimisiúin um Chánachas agus Leas ina bpléitear fiontraíocht a chur chun cinn, leordhóthanacht sochar, an bunioncam uilíoch, dreasachtaí oibre, agus inmharthanacht an Chiste Árachais Shóisialaigh.

Tá scrúdú críochnúil ar bhonn fianaise i dtaobh oiriúnacht agus inmharthanacht na gcóras cánachais agus leasa in Éirinn ullmhaithe i dTuarascáil an Choimisiúin um Chánachas agus Leasa in Éirinn agus tá ár gCoiste ag tnúth arís le léargas a fháil ó Institiúid Taighde Eacnamaíochta Nevin agus ó Chomhdháil na gCeardchumann araon.”

Is féidir féachaint ar an gcruinniú i Seomra Coiste 2 beo ar Oireachtas TV.

Is féidir féachaint ar imeachtaí an Choiste ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais freisin, aip atá ar fáil i gcomhair feistí de chuid Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Stephen Higgins

Tithe an Oireachtais,

Oifigeach Cumarsáide,

Teach Laighean, 

Baile Átha Cliath 2

+353 (0) 1 618 4743

+353 (0) 85 801 3096

stephen.higgins@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie

Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn