Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ag iarraidh cúnamh a thabhairt do phobail na Gaeltachta rochtain a fháil ar Sheirbhísí Fuíolluisce Poiblí

14 Feabh 2023, 16:00

Ag a chruinniú amárach, Dé Céadaoin, an 15 Feabhra 2023, éistfidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge le hionadaithe thar ceann Fhorbairt Chonamara Láir Teo, agus iad ag labhairt faoi na ‘Riachtanais Bailithe agus Cóireála Fuíolluisce atá ag Sráidbhailte agus Lonnaíochtaí sa Ghaeltacht nach bhfuil rochtain acu ar Sheirbhísí Fuíolluisce Poiblí le gairid’.

Tosóidh an cruinniú ag 13.30 i Seomra Coiste 4, TL 2000, Teach Laighean.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Tá soláthar éifeachtach na seirbhísí seo i gceantair tuaithe chomh tábhachtach d’inbhuanaitheacht an phobail atá ina chónaí ann is atá aon seirbhís nó áis eile atá de dhíth air. Ní féidir le haon phobal maireachtáil sa lá atá inniu ann dá n-uireasa. Baineann na seirbhísí seo ní amháin le cúrsaí áisiúlachta ach le cúrsaí sláinte, agus mar sin tá an Comhchoiste ag iarraidh gach cúnamh a thabhairt  d’Fhorbairt Chonamara Teo agus d’aon phobal eile atá ag iarraidh easpa na seirbhísí bunriachtanacha seo a chealú. Is mian leis an gComhchoiste an t-ábhar seo a phlé leis na Ranna Stáit ábhartha, agus táim tar éis cuireadh a thabhairt dóibh teacht os ár gcomhair ar an 22 Márta 2023.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Is féidir an cruinniú, i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Teilifís an Oireachtais.

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, a bhfuil ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn