15 Feabh 2023, 11:06
Tiocfaidh an Coiste um Fhormhaoirsiú Buiséid le chéile inniu, Dé Céadaoin, 15 Feabhra, chun athchromadh ar a scrúdú ar Thuarascáil an Choimisiúin um Chánachas agus Leas - Caibidlí 9, 10, 11 agus 12 ar 5.30 pm i Seomra Coiste 2 i dTeach Laighean.
Éistfear le linn an chruinnithe le hionadaithe ó Eagraíocht na hÉireann do Dhaoine Dífhostaithe, Ceartas Sósialta Éireann agus Aoisghníomhaíocht Éireann.
Is féidir breathnú ar an gcruinniú i Seomra Coiste 1 beo ar Oireachtas TV.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.
Fiosrúcháin ó na meáin
Stephen Higgins
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 (0) 1 618 4743
+353 (0) 85 801 3096
Twitter: @OireachtasNews