Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Leithdháileadh airgid i leith na Gaeilge agus Buiséad TG4 á phlé ag an Aire Catherine Martin agus á phlé agus Comhchoiste na Gaeilge

19 Aib 2023, 16:15

Ag a chruinniú amárach, Déardaoin, 20 Aibreán 2023 beidh plé idir an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar na hábhair ‘Leithdháileadh airgid na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht’ agus ‘Buiséad TG4’

Tosóidh an cruinniú ag 13.30 i Seomra Coiste 2, TL 2000, Teach Laighean.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Ní féidir pobal na Gaeltachta agus pobal labhartha na Gaeilge ar fud na tíre a fhorbairt gan na hacmhainní cuí, riachtanacha agus iomlána a chur ar fáil dóibh. Agus i gcomhréir leis an bhfíric sin, beidh an Comhchoiste ag iarraidh ar an Aire a chinntiú go bhfaighidh pobal na Gaeltachta agus pobal labhartha na Gaeilge an leithdháileadh atá de dhíth agus a bhfuil géarghá leis.

“Ní leor an méid atá ar fáil dóibh faoi láthair, ná níorbh leor riamh an méid a bhfuair siad ón Stáit ó bunaíodh é.  Níl aon leithscéal ann anois. Agus tuairisceáin Státchiste de €83.1 billiún i gcomhair na bliana 2022 fógraithe, barrachas Státchiste de €5 Billiún, méadú 22 faoin gcéad ar an tuairisceáin Státchiste de 2021, agus an teacht isteach is mó riamh, níl aon leithscéal ann gan cothrom na Féinne a thabhairt don Ghaeilge, a cuid den rachmas a thabhairt dí, agus pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge a chur ar chomhchéim leis an chuid eile den tír.

“Má tá an Ghaeilge chun leanúint ar aghaidh tá gá le infheistíocht inti ná mar a bhfuair sí riamh roimhe seo. Is gá infheistíocht i bhfad níos mó a dhéanamh i gcúrsaí teanga, cultúrtha, oideachais, fostaíochta, tithíochta, bonneagair, forbartha áitiúil, srl. Is féidir sin a dhéanamh anois. Níl aon ganntanas airgid ann, níl aon easpa tacaíochta ann ón bpobal Éireannach i gcoitinne, agus níl de dhíth ach cinneadh an Rialtais  an tacaíocht chuí a thabhairt faoi dheireadh do phríomhtheanga na hÉireann.

“Is gá sciar níos mó de bhuiséad an Rialtais a bheith ann don Ghaeilge, ach chomh maith leis sin, is gá sciar níos mó de bhuiséad na Roinne Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán bheith ann don Ghaeilge. Is faoi smacht an Aire Martin an cinneadh sin maidir le cé chomh mór is atá an céatadán de buiséad a Roinne atá ar fáil le roinnt ar thograí Gaeilge. Is é sin a bheidh an Comhchoiste ag iarraidh ar an Aire a chur ar fáil amárach.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Is féidir an cruinniú, i Seomra Coiste 2 a fheiceáil beo ar Teilifís an Oireachtais.

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, a bhfuil ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn