26 Aib 2023, 11:30
Beidh toscaireacht ó Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge i nGaeltacht Dhún na nGall ar 27 agus an 28 Aibreán 2023.
Beidh na Teachtaí Dála Catherine Connolly, Joe McHugh agus Aengus Ó Snodaigh, agus na Seanadóirí Lorraine Clifford-Lee agus Rónán Mullen ag glacadh páirte sa toscaireacht.
Tá trí ghné éagsúla aga baint leis an toscaireacht seo:
- Páirt a ghlacadh in Ard-Fheis na nÓg;
- Bualadh le Oifigí Pleanála Teanga i nDún na nGall;
- Cúirt a tabhairt ar chuid de na ngnólachtaí a thagann faoi scáth Údarás na Gaeltachta.
Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Tá an áthas orainn agus is pribhléid dúinn páirt a ghlacadh in Ard-Fheis na nÓg, agus an deis a thapú éisteacht agus labhairt le daoine óga ó na Gaeltachtaí éagsúla ar fud na tíre. Chomh maith leis sin, is deis iontach dúinn bualadh le hOifigigh Pleanála Teanga áitiúla agus labhairt leo faoi dhúshláin an phoist sin.
“Tá an-suim ag an Comhchoiste sa chuairt a thabharfaidh sé ar na trí chuideachta; ProAmpac, Drioglann Chroithlí, agus Randox Teo. Tá an-suim ag an gComhchoiste fiúntas agus tairbhe na hinfheistíochta atá á déanamh ag Údarás na Gaeltachta sna cuideachtaí sin agus a leithéid, agus an leas ata á dhéanamh, tríd an infheistíocht sin, ar son chur chun cinn na Gaeilge sna pobail áitiúl, a fheiceáil.
“Tá an Comhchoiste an-bhuíoch d’Údarás na Gaeltachta agus do Chonradh na nGaeilge as a gcomhoibriú maidir leis an eachtra seo.”
Tá 14 Comhaltaí, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.
Fiosrúcháin ó na meáin
Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews
Comhaltas coiste
Teachtaí