2 Beal 2023, 16:00
Ag a chruinniú amárach, Dé Céadaoin, an 3 Bealtaine 2023 tosóidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar a ghrinnscrúdú réamhreachtach ar Cheannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2022’.
Tá an Chomhchoiste an-bhuíoch de na saineolaithe, an Doctúir Conchur Ó Giollagáin, an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh agus Donncha Ó hÉallaithe Uasal, agus de na hionadaithe ó Chonradh na Gaeilge, a bheidh ag freastal ar an gcruinniú seo agus forálacha an Bhille á bplé acu le Comhaltaí an Chomhchoiste.
Tosóidh an cruinniú ag 13.30 i Seomra Coiste 2, TL 2000, Teach Laighean.
Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Is Bille an-tábhachtach é an Bille seo do phobal agus todhchaí na Gaeltachta, agus fearaim fíorfháilte roimh an gcinneadh an bhonnchloch dhaonlathach seo a athbhunú i leith Údarás na Gaeltachta. Tá an deis againn, agus an Bille seo á reáchtáil againn, a chinntiú go leanfaidh an tÚdarás ar aghaidh mar eagraíocht dhaonlathach, fheidhmiúil agus ghairmiúil.
“Tá deis iontach againn anseo féachaint ar gach rud a bhaineann le feidhmiú an Údaráis, ionas gur féidir leis seirbhís den ard-scoth a sholáthar don phobal i leith chaomhnú agus láidriú na Gaeilge mar theanga bheo, i leith fhorbairt fiontraíochta agus tionscnaimh chruthaithe fostaíochta, agus i leith thacaíocht d’imeachtaí pobail, cultúrtha agus teanga-bhunaithe.”
Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.
Is féidir an cruinniú, i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Teilifís an Oireachtais.
Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, a bhfuil ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.
Fiosrúcháin ó na meáin
Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews
Comhaltas coiste
Teachtaí