Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Glór Thuismitheoirí na Gaeltachta le cloisteáil ag Comhchoiste na Gaeilge faoi Cheannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2022

9 Beal 2023, 15:45

Ag a chruinniú amárach, Dé Céadaoin, an 10 Bealtaine 2023, leanfaidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar a ghrinnscrúdú réamhreachtach ar Cheannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2022’.

Beidh ionadaithe thar ceann Thuismitheoirí na Gaeltachta ag freastal ar an gcruinniú seo agus forálacha an Bhille á bplé acu le Comhaltaí an Chomhchoiste. Tosóidh an cruinniú ar 13.30 i Seomra Coiste 2, TL 2000, Teach Laighean.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Tá súil againn sa Chomhchoiste léargas ar leith a fháil amárach ón eagras Tuismitheoirí na Gaeltachta ar cad a shíleann gnáthphobail na Gaeltachta faoi mholtaí an Aire Catherine Martin agus an Aire Patrick O’Donovan maidir le toghcháin a eagrú athuair do Bhord Údarás na Gaeltachta.

“Tá sé tábhachtach go gcloiseann an Comhchoiste, agus muid ag déanamh ciaradh ar Cheannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2022 thar mhí na Bealtaine, an oiread glórtha difriúla is féidir ó eagrais agus pobail na Gaeltachta. Tá ról lárnach ag Údarás na Gaeltachta i dtodhchaí an phobail a bhfuil an Gaeilge á labhairt acu ó dhúchas, agus i dtodhchaí an cheantair ina bhfuil an teanga náisiúnta ina teanga chumarsáide agus phobail, chun a dhéanamh cinnte de, ní hamháin go bhfuil an teanga agus an Ghaeltacht slán, ach go bhfuil borradh agus fás i ndán don teanga agus do na ceantair Ghaeltachta.

“Beidh Tuismitheoirí na Gaeltachta in ann léargas a thabhairt dúinn ar aon bhuntáistí nó easnaimh atá i gceist leis an moladh atá mar chuid de cheannteidil an Bhille faoi láthair: go mbeidh 10 as 16 de chomhaltaí Bhord Údarás na Gaeltachta roghnaithe ar bhonn daonlathach arís, agus go mbeidh an 6 eile ceaptha ag an Aire sinsearach; sin é má chloíonn an tAire Martin leis na ceannteidil mar atá siad leagtha amach faoi láthair.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Is féidir an cruinniú, i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Teilifís an Oireachtais.

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, a bhfuil ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn