Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Comhchoiste um Uathachas tar éis a Thuarascáil Deiridh a fhoilsiú

14 Meith 2023, 11:00

D’fhoilsigh an Comhchoiste um Uathachas a Thuarascáil Deiridh inniu, agus tá 109 moladh déanta aige inti i dtaobh comhar tras-roinne níos fearr, soláthar comhtháite seirbhíse, conairí soiléire chuig seirbhísí agus rochtain dhíreach orthu, faisnéis inrochtana, comhchomhairle chuimsitheach le pobal an uathachais agus seirbhísí poiblí a bhfuil maoiniú leordhóthanach acu.

Agus an tuarascáil á seoladh, dúirt an Seanadóir Micheál Mac Concharraige, Cathaoirleach an Choiste: “Bunaíodh an Comhchoiste um Uathachas le tacaíocht traspháirtí i mí Feabhra, 2022 i gcomhthéacs an dul chun cinn theoranta maidir le seirbhísí do dhaoine a bhfuil uathachas orthu a fheabhsú. D’aithin an Comhchoiste roinnt saincheisteanna ríthábhachtacha, lena n-áirítear moilleanna ar Mheasúnachtaí ar Riachtanais, easpa rochtana ar mheasúnachtaí agus seirbhísí, an easpa uilechuimsitheachta san oideachas agus ganntanas tacaí fostaíochta.

“Ó Mheitheamh 2022 go Bealtaine 2023, rinne an Comhchoiste um Uathachas plé suntasach le réimse leathan páirtithe leasmhara maidir le seirbhísí a sholáthar do phobal an uathachais. I gcúrsa na 23 chruinniú a bhí againn, d’fhoghlaim mise agus mo chomh-Chomhaltaí den Choiste an-chuid mar gheall ar na dúshláin a bhíonn os comhair phobal an uathachais agus a lucht tacaíochta.

“Bhí sé de phribhléid ag an gCoiste faisnéis a fháil go díreach ó dhaoine a bhfuil uathachas orthu a ghníomhaíonn as a stuaim féin agus ó theaghlaigh daoine óga a bhfuil uathachas orthu. Chuaigh ionracas phobal an uathachais agus theaghlaigh na ndaoine sin agus iad ag insint a scéalta pearsanta i bhfeidhm go mór ar na Comhaltaí. Chualamar faoi na bacainní a bhíonn ar dhaoine a bhfuil uathachas orthu agus iad ag iarraidh rochtain a fháil ar na seirbhísí agus tacaí dá bhfuil teideal acu agus atá tuillte acu. Chualamar faoi na deacrachtaí a bhíonn ag daoine a bhfuil uathachas orthu agus sochaí sa bhealach orthu atá ag mainneachtain le fada an lá riachtanais na ndaoine sin a bhreithniú agus nach bhfuil tar éis rannpháirtíocht iomlán na ndaoine sin sa saol a éascú.

“Cé go bhfuil an Coiste buíoch de na gníomhaithe sin, tá díomá orainn freisin gur tugadh orthu sonraí faoina saol pearsanta agus faoi na dúshláin a bhíonn os a gcomhair go poiblí a chomhroinnt.”

Is éard atá sna moltaí ‘ar fud an rialtais’ a rinne an Coiste:

  • Reachtaíocht a achtú á cheangal ar an Stát straitéis um uathachas a fhoilsiú gach trí bliana, coiste nó gasra faireacháin ar a mbeidh daoine a bhfuil uathachas orthu chun páirt a ghlacadh i ndréachtú na straitéise agus san fhaireachán a dhéanfar uirthi, agus á cheangal ar Aire na linne ar a bhfuil freagracht maidir le míchumas dhá Theach an Oireachtais a aitheasc go bliantúil chun nuashonrú maidir le dul chun cinn na straitéise a chur ar fáil;
  • Feachtais náisiúnta um chaoinfhulaingt i leith uathachais a chur ar bun chun rannpháirtíocht daoine a bhfuil uathachas orthu i ngach réimse den saol sóisialach agus cultúir a chur chun cinn, i dteannta feachtais spriocdhírithe i bpríomhréimsí ar nós an oideachais, na fostaíochta agus na sláinte;
  • Comhchomhairle a thosú le pobal an uathachais agus teaghlaigh na ndaoine sin chun a fhionnadh conas is fearr sonraí dí-chomhiomlánaithe a bhailiú chun críocha na réamhphleanála;
  • A chinntiú go gcuirfear riachtanais daoine a bhfuil uathachas orthu i gcuntas agus gach seirbhís poiblí á dearadh, agus pobal an uathachais a chur san áireamh agus seirbhísí a bhaineann go sonrach leis an uathachas á ndearadh;
  • Aonad tiomanta tras-roinne a bhunú i Roinn an Taoisigh chun cur chuige “ar fud an rialtais” i leith uathachais a éascú agus chun seirbhísí comhtháite a leabú;
  • An Prótacal Roghnach a ghabhann le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas a dhaingniú gan mhoill;
  • A chinntiú go bhforbróidh na Ranna Rialtais go léir beartas maidir le huathachas;
  • Straitéis pleanála fórsa saothair a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna foirne i seirbhísí míchumais, lena n-áirítear foireann a earcú agus a choimeád;
  • Clár ‘Aonad Ilfhreastail’ a bhunú inar féidir le daoine a bhfuil uathachas orthu nó leo siúd a cheapann go bhféadfadh uathachas a bheith orthu faisnéis a fháil, agus inar féidir leis na daoine sin ar fad naisc a dhéanamh leis na seirbhísí a theastaíonn uathu.
  • Tacaíocht airgeadais leordhóthanacha a sholáthar do theaghlaigh a fhaigheann rochtain ar mheasúnachtaí agus tacaí go príobháideach, toisc nach mbíonn na tacaí sin ar fáil sa chóras sláinte poiblí go dtí cibé tráth a ndéantar poist folaithe laistigh d’Fhoirne Líonraithe um Mhíchumais Leanaí a líonadh.

Chomh maith leis sin, rinne an Coiste moltaí ar fud réimse earnálacha, lena n-áirítear Seirbhísí Míchumais, Sláinte, Oideachais, Breisoideachas agus Ardoideachas, agus Cumarsáid Mhalartach agus Bhreisitheach.

Thug Comhaltaí den Choiste cuairt freisin ar Ionad Choillidh Chanannáin don Uathachas i gContae Ard Mhacha, arb éard atá ann saoráid trasteorann a bunaíodh chun sármhaitheas a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann maidir le hoideachas do leanaí agus do dhaoine óga a bhfuil uathachas orthu. Molann an Coiste don Roinn Oideachais, i ndáil le ról agus tosaíochtaí Ionad Choillidh Chanannáin, athbhreithniú a dhéanamh ar a beartas féin, agus idirchaidreamh a dhéanamh freisin le contrapháirt na Roinne i dTuaisceart Éireann chun cómhéadú ar mhaoiniú a chaibidil d’fhonn a seirbhísí a leathnú agus a samhail maidir leis an gcleachtas is fearr a chur i ngníomh ar bhonn náisiúnta.

Ina theannta sin, bhuail an Coiste le hionadaithe de chuid Rialtas na hAlban chun na nithe a foghlaimíodh ó bhreithniú na n-ionadaithe sin ar Straitéis na hAlban um Uathachas agus óna bpleananna leanúnacha chun tír níos oiriúnaí d’uathachas a dhéanamh d’Albain a phlé. Iarrann an Coiste go ndéanfar coiste ad hoc nó grúpa traspháirtí a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme a mholtaí agus mholtaí na Straitéise Nuálaíochta um Uathachas, mar atá an scéal i bParlaimint na hAlban. Chomh maith leis sin, tá an Coiste ag obair leis an bhFoireann Comhionannais, Éagsúlachta agus Uilechuimsitheachta agus le Coimisiún Thithe an Oireachtais chun a fhágáil go mbeidh Teach Laighean ar cheann de na chéad pharlaimintí ar domhan a bheidh oiriúnach d’uathachas.

Dúirt an Seanadóir Mac Concharraige: “Mar bhonn leis na moltaí sa tuarascáil seo, bhí réimse leathan finnéithe lena n-áirítear daoine den lucht léinn, soláthraithe seirbhíse, lucht ceaptha beartais agus daoine nach iad. Táimid buíoch as an bplé suntasach a rinneamar lenár bpáirtithe leasmhara go léir. Is mór againn a saineolas agus léirítear é sa tuarascáil seo.

“Is gá don tsochaí tuiscint níos fearr a fháil ar dhaoine a bhfuil uathachas orthu agus na daoine sin a chuimsiú inti féin. Ina theannta sin, tá gá le beart práinneach ón Rialtas chun aghaidh a thabhairt ar an smál a bhaineann le huathachas agus chun soláthar seirbhísí do dhaoine a bhfuil uathachas orthu a fheabhsú. Iarrann an Coiste go ndéanfar díospóireacht ar an tuarascáil seo in dhá Theach an Oireachtais agus go gcuirfidh an Rialtas na moltaí atá inti i ngníomh.”

Tuarascáil Deiridh an Choiste um Uathachas ar fáil ar shuíomh gréasáin an Oireachtais.

An Comhchoiste um Uathachas, bhí 13 Chomhaltaí air, ochtar ón Dáil agus cúigear ón Seanad. Anois, tá sé díscaoilte.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn