Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Gobharnóir Massachusetts, Maura Healy, chun Seanad Éireann a aitheasc Dé Máirt

23 Meith 2023, 10:00

Tabharfaidh Gobharnóir Massachusetts, Maura Healy, aitheasc do Sheanad Éireann Dé Máirt, an 27 Meitheamh ar 3pm.

Toghadh Maura Healey mar an 73ú Gobharnóir ar Massachusetts i Samhain 2022, rud a fhágann gurb ise an chéad Ghobharnóir sna Stáit Aontaithe atá aerach go hoscailte. Rinneadh í a insealbhú an 5 Eanáir 2023.

Tiocfaidh an t-aitheasc sna sála ar chuireadh ó Chathaoirleach Sheanad Éireann, an Seanadóir Diarmuid Ó Buitiméir.

 

Ba as Cill Gharbháin i gContae Chiarraí agus as Maigh Chromtha i gContae Chorcaí do sheantuismitheoirí athartha an Ghobarnóra Healey, agus ba as Béal Átha na Sluaighe i gContae na Gaillimhe ó dhúchas dá seanmháthair mháthartha.

Ag labhairt dó roimh an aitheasc, dúirt an Cathaoirleach, an Seanadóir Diarmuid Ó Buitiméir: “Táimid thar a bheith sásta gur ghlac an Gobharnóir Healey leis an gcuireadh a thug mé di an Seanad a aitheasc le linn mhí an Bhróid.

”Tabharfaidh sí an t-aitheasc ar an lá cothrom 30 bliain ó rinneadh homaighnéasacht in Éirinn a dhíchoiriúlú, rud a chuirfear in iúl le brí do dhaoine óga LADTAI+ atá ag tnúth le hoifig phoiblí a bhaint amach, nó fiú le haon ról a bhaint amach.”

”Tiocfaidh an t-aitheasc freisin sna sála ar an bhfógra a rinne an Rialtas le déanaí go ndéanfar ciontuithe san am atá thart i ngníomhaíochtaí gnéasacha toiliúla i measc fir in Éirinn a neamhniú, agus go bhfuil an Rialtas ag beartú cleachtadh na teiripe tiontúcháin a choiriúlú.”

”Os í an chéad Ghobharnóir ar Massachusetts atá leispiach go hoscailte, tabharfaidh an t-aitheasc deis thráthúil dúinn cur leis na naisc láidire idir an dá náisiún seo againne. – Cé go bhfuil dul chun cinn láidir déanta agus cearta LADTAI+ á mbaint amach, ní foláir dúinn freisin aghaidh a thabhairt ar na dúshláin leanúnacha atá os comhair pobail LADTAI+ in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe.”

Socruithe aithisc
(a) óráid fháilteach ón gCathaoirleach,
(b) aitheasc ón nGobharnóir Healy, nach rachaidh thar 20 nóiméad,
(c) óráid nach rachaidh thar cheithre nóiméad ó Threoraí gach Grúpa (nó ó Sheanadóir a ainmneofar ina ionad nó ina hionad); féadfar am a roinnt,

Ceannairí Grúpa an tSeanaid
1. Fianna Fáil An Seanadóir Lisa Nic Ambróis
2. Fine Gael An Seanadóir Ríona Uí Dhochartaigh
3. An Comhaontas Glas An Seanadóir Róisín Ní Ghairbhí
4. An Grúpa Neamhspleách An Seanadóir Victor Ó Buacháin
5. Sinn Féin An Seanadóir Niall Ó Donnghaile
6. Páirtí an Lucht Oibre An Seanadóir Rebecca Ní Mhuimhneacháin
7. An Grúpa Comhpháirteachais Phoiblí An Seanadóir Ailís Máire Ní Uiginn

(d) freagra ón nGobharnóir Healy, nach rachaidh thar chúig nóiméad,
(e) óráid bhuíochais ó Leas-Chathaoirleach Sheanad Éireann, an Seanadóir Marcas Ó Dálaigh.

Féadfar an t-aitheasc a fheiceáil go beo anseo nó ar fheidhmchláir fóin chliste thithe an Oireachtais.

 

Fiosrúcháin ó na meáin

Áine McMahon

Tithe an Oireachtais

Oifigeach Cumarsáide

Teach Laighean

Baile Átha Cliath 2

+353 1 618 4149

+353 85 8707436

aine.mcmahon@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie

Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn