27 Meith 2023, 11:30
Inniu, leag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge tuarascáil faoi bhráid Thithe an Oireachtais ar toscaireacht de chuid an Chomhchoiste chuig Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ar an 24 agus an 25 Feabhra 2023.
Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Thar ceann an Chomhchoiste, ba mhaith liom moladh a thabhairt don obair spreagúil a bhíonn idir lámha ag Conradh na Gaeilge. Molaim na moltaí ar glacadh leo le linn an phlé a rinneadh ag an Ard-Fheis, go mórmhór go n-ardófar céatadán de chaiteachas an Stáit go 0.4%, ar a laghad, ar an méid a chaitear ar earnáil na Gaeilge trí chéile chomh maith leis an moladh gur cheart do RTÉ 15% dá bhuiséad a chaitheamh ar chraolachán Gaeilge le go mbeidh sé de chumas acu níos mó cláracha Gaeilge a chur ar an teilifís agus ar an raidió.”
Is féidir an tuarascáil ar an Toscaireacht chuig Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ar an 24 agus 25 Feabhra 2023 a léamh anseo.
Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.
Fiosrúcháin ó na meáin
Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews
Comhaltas coiste
Teachtaí