Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tuarascáil á seoladh ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar ‘Earnáil na Gaeilge i gCathair Bhéal Feirste – Eiseamláir ar Leith’

3 Iúil 2023, 13:35

Inniu, d’fhoilsigh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeilge agus Phobal Labhartha na Gaeilge tuarascáil bunaithe ar thoscaireacht dá chuid go Béal Feirste i mí na Samhna 2022. Tá an tuarascáil, dar teideal ‘Earnáil na Gaeilge i gCathair Bhéal Feirste – Eiseamláir ar Leith’, á seoladh ag an gComhchoiste i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, i mBéal Feirste ag 14:00. 

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Is cúis mhór áthais don Choiste an deis a thapú an tuarascáil seo a sheoladh anseo inniu in Iarthar Bhéal Feirste. Bheartaigh an Comhchoiste tabhairt faoin toscaireacht seo chun tuilleadh léargais a fháil ar an chaoi a bhfuil ag éirí le heagraíochtaí Gaeilge an teanga a chur chun cinn i gcomhthéacs uirbeach, gan trácht ar na dúshláin ar fad a bhíonn rompu agus iad ag iarraidh an méid sin a bhaint amach.

Ba dheas an t-ábhar iontais é do Chomhaltaí na toscaireachta cur chuige na n-eagraíochtaí seo a fheiceáil – formhór díobh ina n-eagraíochtaí pobalbhunaithe  –  agus an rath atá ar a gcuid oibre chun teanga phobail a dhéanamh den Ghaeilge. Cuireann sé iontas agus pléisiúr orainn an dul chun cinn seo a fheiceáil go mórmhór an chaoi ar a bhfuil ag éirí leis na heagraíochtaí seo nasc a chruthú i measc daoine óga agus bród as a gceantar dúchais a mhúscailt, rud a thugann ról lárnach don Ghaeilge sa phróiseas seo.

Is chuige sin a theastaigh uainn aitheantas a thabhairt don obair ollmhór atá ar siúl ar son na Gaeilge i mBéal Feirste agus a chinntiú freisin nach ndéanfaidh an Comhchoiste beag is fiú de na dúshláin atá ann dóibh: easpa tacaíochta ón Roinn Oideachais, easpa rochtana ar fhoirgnimh scoile in ainneoin go bhfuil fás as cuimse tagtha ar an nGaelscolaíocht ó thuaidh i measc rudaí eile. Mar sin féin, is féidir linne a rá gan amhras go bhfuil neart ag tarlú anseo go bhféadfadh Rialtas na hÉireann suntas a thabhairt dó agus ceachtanna a fhoghlaim uaidh, go háirithe i dtaca le bonneagair a chur le chéile ó dheas chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gceantair uirbeacha agus tá súil agam go ndéanfaidh an Rialtas beart de réir a bhriathair ina leith.

Tá muid ag súil go mór leis an tuarascáil seo a sheoladh i mBéal Feirste inniu agus arís, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach eagraíocht ar bhuail an Comhchoiste leo le linn na toscaireachta agus leo siúd a chabhraigh linn an tuarascáil seo a chur i dtoll a chéile”.

Is féidir an tuarascáil ar ‘Earnáil na Gaeilge i gCathair Bhéal Feirste – Eiseamláir ar Leith’ a léamh anseo.

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn