Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tugann an Coiste um Chuntais Phoiblí (CCP) rabhadh go gcaithfear a chinntiú nach mbeidh costas thionscadal beartaithe Metrolink Bhaile Átha Cliath níos mó ná €9.5bn

4 Iúil 2023, 12:00

Tá buairt ar an gCoiste um Chuntais Phoiblí (CCP) faoi cé chomh leathan is atá an réimse meastachán costais don tionscadal Metrolink atá beartaithe i mBaile Átha Cliath agus iarrann sé ar na gníomhaireachtaí Stáit a bhfuil baint acu leis a chinntiú nach rachaidh an costas thar €9.5 billiún.

Ina thuarascáil a foilsíodh inniu ar Scrúdú ar na Cuntais Leithreasa, 2019 agus 2020 i gcomhair Vóta 31 — Iompar, Ráitis Airgeadais 2020 don Údarás Náisiúnta Iompair, agus Ráitis Airgeadais 2020 do Bhonneagar Iompair Éireann, déanann CCP moltaí maidir le saincheisteanna a pléadh leis an Roinn Iompair, leis an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) agus le Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) i sraith cruinnithe a bhí ann sna blianta 2021 agus 2022.

Dúirt an Coiste go ndéanfaidh sé faireachán gníomhach ar an luach ar airgead a baineadh amach as an €70 billiún measta de thionscadail iompair sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030 (PFN) agus i Straitéis Iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, 2016-2035 de chuid ÚNI, Metrolink san áireamh.

Dúirt CCP: “Mheas an Roinn, in Aibreán 2023, gurb é €9.5 billiún an costas ba dhóchúla a bheadh ar thógáil an chórais Metrolink, agus chuimsigh an réimse costas caipitil inchreidte costais a bhí idir €7.16 billiún agus €12.25 billiún, cé go bhfágfadh roinnt meastachán ar an tionscadal an costas chomh hard le €21.5 billiún.

“Tá imní ar an gCoiste maidir le réimse na meastachán agus cuireann sé in iúl a mhian nach rachaidh costas an tionscadail thar €9.5 billiún, go háirithe i bhfianaise tionscadail eile i réimse an bhonneagair phoiblí ar nós Ospidéal Náisiúnta na Leanaí, tionscadal a rachaidh thar a bhuiséad go suntasach, a thuartar.”

Déantar 11 mholadh sa tuarascáil maidir le cúig shaincheist a scrúdaigh an Coiste. Baineann siad leis an méid seo a leanas:

  1. Meastóireacht a dhéanamh ar chaiteachas an Státchiste ar thionscadail bhonneagair iompair phoiblí;
  2. Caiteachas neamhéifeachtach an Státchiste ar phríomhthionscadail bhonneagair iompair phoiblí;
  3. Caiteachas ar bhonneagar a fheabhsú chun aistrithe córa iompair a spreagadh sa taisteal laistigh den Stát;
  4. Conarthaí Comhpháirtíochtaí Poiblí Príobháideacha/ábhair a bhaineann le scéimeanna dolaí; agus
  5. Caiteachas ar oibríochtaí agus ar chabhlach Gharda Cósta na hÉireann.

Dúirt an Teachta Brian Stanley, Cathaoirleach CCP, “Moladh gur theastaigh córas Meitreo do Bhaile Átha Cliath den chéad uair sa straitéis Clár Oibre le haghaidh Athrú a foilsíodh sa bhliain 2000 agus a bhí le bheith i bhfeidhm faoi 2010. Tugadh cead pleanála do líne an Mheitreo Thuaidh i 2011 ach chuir an Rialtas a bhí ann an uair sin ar fionraí é mar gheall ar an gcaoi a ndeachaigh cúrsaí geilleagracha chun donais.

D’fhógair ÚNI tionscadal nua an Mheitreo Thuaidh i mí Mheán Fómhair 2015, agus bhí sé beartaithe tús a chur leis na seirbhísí in 2026. Metrolink a tháinig in áit an tionscadail sin agus de réir comhfhreagras ón Roinn i mí Aibreáin 2023, táthar ag tuar anois go gcuirfear tús le seirbhísí Metrolink i 2034. Tá frustrachas ar an gCoiste maidir leis an bhfad a thóg sé ón moladh tosaigh le haghaidh córas meitreo i mBaile Átha Cliath, go dtí an dáta is déanaí a mheastar a chuirfear i gcrích é. De réir na hamlíne sin, cuirfear Metrolink ar fáil 23 bliana tar éis gur tugadh cead pleanála don bhuntionscadal Meitreo Thuaidh agus 34 bliana tar éis gur moladh den chéad uair é sa Chlár Oibre le haghaidh Athrú.”

Thug CCP faoi deara freisin gur caitheadh thart ar €300 milliún ar Metrolink, agus ar thionscadail an Mheitreo Thuaidh agus an Mheitreo Thiar, suas go dtí deireadh mhí an Mhárta 2023. In ainneoin na hinfheistíochta suntasaí seo, níor tosaíodh fós ar an tógáil fhisiciúil ar chóras meitreo do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath.

Dúirt an Coiste go gcuirtear béim arís eile ar a thábhachtaí atá Metrolink sa chás gnó nuashonraithe don tionscadal, a foilsíodh i mí Iúil 2022. Chomh maith leis na buntáistí d’úsáideoirí iompair phoiblí, d’úsáideoirí bóthair, don gheilleagar agus don chomhshaol, meastar gurb é 1.4 an cóimheas costais agus tairbhe is dóchúla atá ag Metrolink, agus gurb é 1.1 go 2 an raon féideartha. Thug an Coiste rabhadh freisin faoin gcostas a d’fhéadfadh a bheith ag moill bhreise ar thionscadal Metrolink.

Dúirt an Teachta Stanley: “Tá sé ríthábhachtach go gcuirfear Metrolink i gcrích in am, ar mhaithe leis an gcostas deiridh, agus ar mhaithe le cúiseanna eile, mar go meastar go gcuirfeadh gach bliain de mhoill costais bhreise idir €100 milliún agus €300 milliún leis an tionscadal, chomh maith le moill a chur ar na sochair eacnamaíocha agus shóisialta a bhainfidh le Metrolink.”

Molann CCP go soláthródh an Roinn Iompair tuarascáil dó ar Metrolink faoi Mheán Fómhair 2023 ina mbeidh miondealú cothrom le dáta ar chaiteachas ar an tionscadal go dtí seo agus an meastachán costais is déanaí, chomh maith le hamlíne nuashonraithe ina bhfuil clocha míle a cailleadh nó a baineadh amach.

Molann an Coiste freisin go dtabharfadh ÚNI tuarascáil sa tréimhse ama chéanna ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó “chaiteachas neamhéifeachtach” go dtí seo ar thionscadail Idirnascaire Meitreo agus Dart, agus go dtabharfadh sé sonraí faoina bhfuil ar siúl aige chun caiteachas neamhéifeachtach ar thionscadail reatha agus ar thionscadail a bheidh ann amach anseo a chosc.

Moltar sa tuarascáil freisin go gcuirfeadh ÚNI nuashonruithe ar fáil dhá uair sa bhliain maidir leis an gclár BusConnects, a bhfuil caiteachas measta suas le €3.4 billiún á dhéanamh ina leith i mBaile Átha Cliath agus €600 milliún i gCorcaigh chun bonneagar a chur ar fáil chun seirbhísí feabhsaithe bus a éascú, agus táthar ag ceapadh go mbeidh costais bhreise ar scéimeanna comhchosúla i Luimneach, i nGaillimh agus i bPort Láirge. Molann CCP freisin go gcuirfeadh ÚNI samhaltú ar fáil don Choiste faoi mhí Dheireadh Fómhair 2023 maidir leis an tionchar réamh-mheasta a bheidh ag Metrolink, Dart+ agus BusConnects ar líon na dturas ag paisinéirí agus ar an aistriú córa iompair i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath, agus i gcathracha eile.

Dúirt an Teachta Stanley: “Trí aistriú córa iompair suntasach a bhaint amach agus imeacht ón ngluaisteán príobháideach go dtí iompar poiblí, nó go deimhin go dtí siúl nó rothaíocht, chabhrófaí leis an Stát laghdú suntasach a dhéanamh ar astaíochtaí gáis ceaptha teasa. Leagann an Coiste béim ar an ngá atá le caiteachas éifeachtach i réimse an iompair phoiblí chun an sprioc sin a bhaint amach.

Déanann an Coiste moltaí freisin maidir le conarthaí Comhpháirtíochtaí Poiblí Príobháideacha amach anseo agus iarrann sé tuarascáil mhionsonraithe maidir le caiteachas an Gharda Cósta ar theicneolaíocht íomháithe oíche agus ar an tseirbhís Cuardaigh agus Tarrthála. Tá tuilleadh sonraí ar fáil sa tuarascáil atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an Oireachtais.

Is Buanchoiste de chuid Dháil Éireann é an Coiste um Chuntais Phoiblí a dhíríonn ar a chinntiú go reáchtáiltear seirbhísí poiblí go héifeachtúil agus ar bhonn luach ar airgead. Tá tuilleadh eolais faoi ról agus faoi chúram an Choiste le fáil anseo.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn