Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste um Fhormhaoirsiú Buiséid le teacht le chéile i gcomhair Cruinniú Réamh-Bhuiséid

19 MFómh 2023, 11:27

Buailfidh an Coiste um Fhormhaoirsiú Buiséid inniu, Dé Máirt an 19 Meán Fómhair, i gcomhair Cruinniú Réamh-Bhuiséid le hoifigigh de chuid an Bhainc Ceannais agus na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta ar 2 pm. i Seomra Coiste 2 i dTeach Laighean.

Is ina 2 sheisiún a chomórfar an cruinniú agus tosóidh Seisiún 1 leis an mBanc Ceannais ar 2 pm. agus mairfidh sé go dtí timpeall le 3:30 pm. agus tosóidh Seisiún 2 ar 3:30 pm. agus mairfidh sé go dtí 5 pm.

Ag caint dó roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste Barra V. Ó Comhain “agus Tithe an Oireachtais ina suí arís an tseachtain seo, beidh ár n-aird á díriú againn ar Bhuiséad 2024 atá le fógairt go luath. Inár gcruinniú leis an mBanc Ceannais agus leis an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta, beidh deis ag an gCoiste seo ar fhaisnéis a fháil ó bhunúdar i dtaobh conas mar atá an geilleagar ag feidhmiú agus taighde feasach a fháil i dtaobh réamh-mheas maidir le fás i gcaitheamh na bliana atá romhainn amach. Tá an Coiste ag tacú leis an gcothromaíocht nach foláir don Rialtas a bhaint amach go leanúnach idir infheistiú a dhéanamh i seirbhísí poiblí agus an gá leis an airgeadas poiblí a choimeád ar bhonn inmharthana sna imthosca faoi láthair ina bhfuil rátaí boilscithe ag dul i méid.”

 

Féadfar féachaint ar an gcruinniú i Seomra Coiste 2 á chraoladh beo ar Oireachtas TV

Léigh a thuilleadh i dtaobh na oibre a dhéanann an Coiste um Fhormhaoirsiú Buiséid

 

Bíonn imeachtaí an Choiste le feiceáil ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais freisin, a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Stephen Higgins

Tithe an Oireachtais,

Oifigeach Cumarsáide,

Teach Laighean, 

Baile Átha Cliath 2

+353 (0) 1 618 4743

+353 (0) 85 801 3096

stephen.higgins@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie

Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn