Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Comhchoiste um Iompar agus Cumarsáid chun teacht le chéile le haghaidh an Tástáil Náisiúnta Gluaisteán a phlé, lena n-áirítear saincheisteanna foirnithe agus céadúnas tiomána.

19 MFómh 2023, 17:07

Tiocfaidh an Comhchoiste um Iompar agus Cumarsáid le chéile amárach, Dé Céadaoin an 20 Meán Fómhair, chun an Tástáil Náisiúnta Gluaisteán a phlé, lena n-áirítear saincheisteanna foirnithe agus céadúnas tiomána, ar 1:30pm i Seomra Coiste 2 de Theach Laighean.

Cloisfear uathu seo a leanas le linn an chruinnithe:

  • Applus Car Testing Service
  • An tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre

 

Ag labhairt dó roimh an gcruinniú dúirt Leas-Chathaoirleach an Choiste, an Seanadóir Gearóid Ó Horcáin: “De bhun cruinnithe a bhí againn le leas-sealbhóirí áirithe a bhfuil baint acu leis an Tástáil Náisiúnta Gluaisteán a sholáthar, beidh deis ag ár gCoiste le linn an chruinnithe amárch idirghabháil dhíreach a dhéanamh le hoibritheoir na Tástála Náisiúnta Gluaisteán, Applus, agus leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre chun a mhéid mionsonraí is féidir a fháil ar cén dul chun cinn atá déanta ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna fadtéarma foirnithe ar chúis iad le riaráiste reatha na Tástála Náisiúnta Gluaisteán agus acmhainn a mhéadú ag ionaid tástála, iarrfaimid faisnéis ar na bearta a tugadh isteach lena n-áirítear an méadú tuairiscithe ar ragoibre foirne agus mór-earcú tuairiscithe meicneoirí nua feithiclí agus cigirí.

Iarrfaimid na figiúirí is nuashonraithe a fháil ar an líon tástálaithe atá ann, ar cé mhéad tástálaithe a thosaigh ar oiliúint a fháil agus ar cén áit a sannfar na tástálaithe go dtí í. Is gá dúinn laghdú ar an meán-tréimhse feithimh náisiúnta a fheiceáil agus iarrfaimid ar an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre an bhfuil siad sásta a rá go bhfuil leibhéal leordhóthanach seirbhíse ann anois mar a bhí.

Tá an Coiste ag tnúth freisin le cloisteáil ón Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre maidir leis na riaráistí neamh-inghlactha maidir le hiarratais ar Tástálacha Tiománaithe. Tá feicithe againn go bhfuil dúshlán ann maidir le freastal don éileamh méadaithe, lena n-áirítear méaduithe ar iarratais ar thástáil tiomána le hais na tréimhse céanna in 2022 mar thoradh ar an leibhéal méadaithe tiománaithe a imíonn faoin timtriall Oiliúina Tiománaithe Bunriachtanaí. An gá atá le hoiliúint tiomnaithe foirne chun tástálacha a sheoladh sna catagóirí is airde chun freastal don éileamh agus foireann is lú mar thoradh ar dhaoine den fhoireann éirí as agus daoine den fhoireann atá ar conradh dátaí deiridh an chonartha a bhaint amach. Iarrfaimid ar an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre deimhniú a thabhairt go bhfuiltear ag tabhairt aghaidh ar na riaráistí deireanacha seo chun go mbeidh leibhéal seirbhíse ann mar a bhí cheana agus a mbeidh pobal na hÉireann ag súil leis.

 

Is féidir breathnú ar an gcruinniú i Seomra Coiste 1 beo ar Oireachtas TV.

14 Chomhaltaí atá ar an gComhchoiste um Iompar agus Cumarsáid, naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Stephen Higgins

Tithe an Oireachtais,

Oifigeach Cumarsáide,

Teach Laighean, 

Baile Átha Cliath 2

+353 (0) 1 618 4743

+353 (0) 85 801 3096

stephen.higgins@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie

Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn