Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Leinster House will open its doors to the public for Culture Night 2023 as part of the nationwide event, which takes place across the country this Friday, 22 September

20 MFómh 2023, 13:00

Mar chuid de thiomantas Thithe an Oireachtais do rannpháirtíocht an phobail, tabharfar rochtain eisceachtúil do chuairteoirí ar Theach Laighean, foirgneamh Pharlaimint na hÉireann, ó 5.00pm go dtí 9.30pm, Dé hAoine, an 22 Meán Fómhair, le haghaidh Oíche Chultúir 2023.

Cuirfear turais threoraithe ar fáil ar an oíche i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann (ISL), i nGaeilge agus i mBéarla, rud a thabharfaidh deis do chuairteoirí seomraí stairiúla na Dála agus an tSeanaid a fheiceáil. Beidh cuairteoirí in ann an ealaín stairiúil atá ar taispeáint ar fud an fhoirgnimh a fheiceáil agus iad ag siúl trí dhorclaí Theach Laighean.

Is iad comhaltaí de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, Grúpa Ucailéile Ráth Fearnáin, Cór Scoile Náisiúnta Naomh Dámian, agus Gloria, Cór LADT+ Bhaile Átha Cliath, a chuirfidh siamsaíocht cheoil ar fáil ar an oíche.

Tá Teach Laighean ar cheann de na foirgnimh is suntasaí ó thaobh cultúir agus cúrsaí sóisialta de in Éirinn agus tá tábhacht faoi leith ag baint le hoscailt dhoirsí na Parlaiminte a oscailt maidir le rannpháirtíocht shibhialta a chur chun cinn idir an pobal agus a chóras parlaiminteach.

Mar sin, tá an-áthas ar Sheirbhís Thithe an Oireachtais páirt a ghlacadh san Oíche Chultúir don ochtú bliain déag agus tá thart ar 500 ticéad curtha ar fáil don phobal don ócáid.

Cé go bhfuil na turais threoraithe saor in aisce, tabhair faoi deara gur imeacht ticéad é seo agus nach bhfuil aon ticéid fágtha anois.

Is ócáid bhliantúil náisiúnta í an Oíche Chultúir ina ndéanann eagraíochtaí ealaíon agus cultúir agus ionaid den uile chineál, lena n-áirítear na Forais Chultúir Náisiúnta, a n-uaireanta oscailte a leathnú chun rochtain mhéadaithe a thabhairt don phobal.

 

 

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn