Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tiocfaidh an Comhchoiste Oireachtais um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Spórt agus Meáin le chéile le Coimisiún na Meán le haghaidh plé maidir lena chlár oibre don bhliain 2023

26 MFómh 2023, 14:23

 Beidh an Comhchoiste Oireachtais um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Spórt agus Meáin ag teacht le chéile amárach, an 27 Meán Fómhair, le haghaidh plé le hionadaithe ó Choimisiún na Meán maidir lena chlár oibre don bhliain 2023.  

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Niamh Nic Gabhainn, ag labhairt di roimh an gcruinniú a thionólófar ar 1:30pm i Seomra Coiste 1 de Theach Laighean: “Cuireann an Coiste fáilte roimh Choimisiún na Meán go dtí an cruinniú amárach. Sa chéad chlár oibre de chuid Choimisiún na Meán a foilsíodh i Meitheamh na bliana seo, leagtar amach raon spriocanna don tréimse suas go dtí Feabhra 2024, tráth a chuirfear tús go hoifigiúil le ról Choimisiún na Meán mar Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha (CSD) in Éirinn faoi Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha (GSD) de chuid AE.

Táimid ag tnúth leis an gcruinniú, arb é an chéad uair dúinn é teacht le chéile le Coimisiún na Meán, agus an chéad uair dúinn freisin teacht le chéile lena Chathaoirleach Feidhmiúcháin agus le Coimisinéirí aonair le haghaidh plé maidir leis na bealaí éagsúla a bhfuil sé beartaithe acu a gclár oibre uaillmhianach, a bhfuil géarghá leis, a bhaint amach. Lorgóimid faisnéis chúlra, i measc saincheisteanna eile, maidir leis na tionscnaimh a bhfuil sé mar aidhm acu an tuiscint atá ag an bpobal i gcoitinne ar na meáin i ndáil le hábhair chraolta agus ábhair ar líne araon, a mhéadú, agus an dea-chleachtas comhshaoil a chur chun cinn in earnáil na meán.

Cuirimid fáilte roimh na gealltanais atá tugtha go bhfoilseofar Straitéis um Inscne, Chomhionannas, Éagsúlacht agus Lánpháirtíocht agus go gcuirfear tús le hathbhreithniú cuimsitheach ar na seirbhísí meán Gaeilge.

Táimid ag truth freisin le heolas a fháil faoi phleananna éagsúla chun féachaint ar dheiseanna d’eagraíochtaí meán ar an dá thaobh den teorainn comhoibriú chun plean straitéiseach a fhorbairt don chraoltóireacht spóirt i gcomhar le Spórt Éireann.”

 

Is féidir breathnú ar an gcruinniú i Seomra Coiste 1 beo ar Oireachtas TV.

 

Tá 14 Chomhalta ar an gComhchoiste um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Spórt agus Meáin, naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad.

 

Bíonn imeachtaí an Choiste le feiceáil ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais freisin, a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Stephen Higgins

Tithe an Oireachtais,

Oifigeach Cumarsáide,

Teach Laighean, 

Baile Átha Cliath 2

+353 (0) 1 618 4743

+353 (0) 85 801 3096

stephen.higgins@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie

Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn