Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Comhchoiste um Shláinte chun teacht le chéile chun breithniú a dhéanamh tuilleadh ar an Tuarascáil ar an Athbhreithniú ar oibriú an Achta Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil), 2018

17 DFómh 2023, 14:06

Tiocfaidh an Comhchoiste um Shláinte le chéile Dé Céadaoin an 18 Deireadh Fómhair le haghaidh breithniú a dhéanamh tuilleadh ar an Tuarascáil ar an Athbhreithniú ar oibriú an Achta Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil), 2018 ar 9:30am i Seomra Coiste 2 de Theach Laighean.

Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, Seán Mac Conradha TD: “Tiocfaimid le chéile amárach le haghaidh breithniú a dhéanamh tuilleadh ar an Tuarascáil ar an Athbhreithniú ar oibriú an Achta Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil), 2018. Ba dheis í an cruinniú deireanach a bhí againn chun an Tuarascáil a mheas, go háirithe maidir le conas atá an córas reatha ag oibriú agus conas is féidir é a fheabhsú.

Tá fúinn a fheiceáil go bhfuil an reachtaíocht ag oibriú mar a beartaíodh í, agus gur chóir go mbeadh mná a bhfuil gá acu le leas a bhaint as seirbhísí le haghaidh foirceannadh toirchis in ann rochtain a bheith acu ar na seirbhísí sin gan srianta ná bacannaí gan ghá.

Tá súil agam go mbeidh sé de chumas ag an gCoiste leis an gcruinniú seo deireadh a chur lena bhreithniú ar an Tuarascáil.

Is féidir breathnú ar an gcruinniú i Seomra Coiste 2 beo ar Oireachtas TV.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Stephen Higgins

Tithe an Oireachtais,

Oifigeach Cumarsáide,

Teach Laighean, 

Baile Átha Cliath 2

+353 (0) 1 618 4743

+353 (0) 85 801 3096

stephen.higgins@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie

Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn