Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge chun a thuarascáil ar An tSeirbhís Phoiblí Eircode agus an Dualgas Reachtúil Teanga a bhaineann léi a sheoladh amárach

18 DFómh 2023, 14:15

Inniu, tá Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge tar éis an tuarascáil seo a leanas a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais: ‘An tSeirbhís Phoiblí Eircode agus Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021 – An Dualgas Reachtúil Teanga atá ar an gComhlacht Poiblí An Post, ar an bhFochomhlacht Poiblí An Post GeoDirectory, agus ar an gcomhlacht príobháideach Eircode / Capita Business Support Services Ireland Limited, géilleadh leis an reachtaíocht ábhartha agus iad i mbun Seirbhísí Poiblí a chur ar fáil don Phobal, thar ceann an Stáit.’

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Is tuarascáil an-tábhachtach í an tuarascáil seo, mar go ndíríonn sé aird an phobail ar an tslí ina sholáthraíonn Comhlachtaí Poiblí seirbhísí poiblí don phobal, agus ar an tslí ina sholáthraíonn comhlachtaí príobháideacha seirbhísí poiblí don phobal, agus iad sin á sólathar acu faoi chonradh leis an Stáit agus thar ceann an Stáit.

“Tá an tuarascáil seo dírithe ar an tseirbhís phoiblí Eircode, mar atá sé á sholáthar faoi láthair agus ar na heaspaí atá mar chuid dí i leith a custaiméirí i gceantair Ghaeltachta agus i leith phobal na Gaeltachta i gcoitinne.

“Tá 7 moladh láidre déanta ag an gComhchoiste. Mar chuid de na moltaí sin, tá an Comhchoiste ag moladh go ngéilleann an tseirbhís poiblí Eircode, An Post, An Post GeoDirectory agus Eircode / Capita Business Support Services, Ireland Limited leis an reachtaíocht ábhartha, go gcuirfear stad láithreach leis an úsáid atá á baint acu as leaganacha Béarla, neamhoifigiúla, neamhcheadaithe de logainmneacha i gceantair Ghaeltachta, agus go ndéanfaidh siad an t-infheistiú agus an oiliúint foirne atá de dhíth chun aon deacrachtaí taifeadta, scagtha, dáileacháin, teicneolaíochta, riaracháin, agus soláthar foirne atá acu a réiteach.

Chomh maith leis sin, tá an Comhchoiste ag moladh go gcuirfear na forálacha seo a leanas san áireamh mar choinníollacha neamh-inchaibidle den chonradh atá le comhaontú roimh dheireadh na bliana 2023, i gcomhair seirbhíse poiblí nua Éirchóid:

  • Go mbeidh suíomh idirlín nua Éirchóid ar fáil, go huile is go hiomlán,  go dátheangach, i nGaeilge agus i mBéarla, agus go mbronnfar an t-ainm Gaeilge Éirchód, amháin air, mar léiriú ar an gcur chuige réamhghníomhach nua seo;
  • Go mbainfear úsáid as an leagan Gaeilge d’ainm gach uile chomhlacht poiblí, sa leagan Gaeilge dá seoltaí ar a laghad, Comhlachtaí Poiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht agus san iarGhaeltacht araon;
  • Go mbainfear úsáid as an leagan Gaeilge d’ainm na Comhlachtaí Poiblí go léir, sa leagan Gaeilge dá seoltaí ar a laghad, ar an suíomh idirlín nua Éirchód;
  • Go mbeidh rogha ag daoine agus eagraíochtaí, iad siúd atá lonnaithe sa Ghaeltacht agus iad siúd ata lonnaithe san iarGhaeltacht araon, agus a mbeidh a seoltaí ar fáil ar an Éirchód nua, go mbeidh rochtain poiblí ar a gcuid seoltaí pearsanta trí mheán na Gaeilge amháin, agus má dhéanfaidh siad an rogha sin, agus má chuirfidh siad an rogha sin in iúl don tseirbhís phoiblí nua Éirchód, go ndéanfar cinnte de nach mbeidh an leagan Béarla dá gcuid seoltaí ar fáil ar an suíomh idirlín Éirchód níos mó.

Is féidir an tuarascáil ar An tSeirbhís Phoiblí Eircode agus Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021 a léamh anseo.

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn