Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foilsíonn an Coiste um Chuntais Phoiblí tuarascáil dar teideal ‘Scrúdú ar an gCuntas Leithreasa, 2019 i leith Vóta 10 - An Coimisiún um Achomhairc Chánach agus nithe gaolmhara’

18 DFómh 2023, 12:30

An Coiste um Chuntais Phoiblí tar éis a thuarascáil ‘Scrúdú ar an gCuntas Leithreasa, 2019 i leith Vóta 10 - An Coimisiún um Achomhairc Chánach agus nithe gaolmhara’ ar oibriú an Choimisiúin um Achomhairc Chánach, a fhoilsiú inniu.

Ina thuarascáil, déanann an Coiste um Chuntais Phoiblí trí mholadh maidir le dhá shaincheist arna sainaithint ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste sna Cuntais Leithreasa, 2019 uaidh – Vóta 10 - An Coimisiún um Achomhairc Chánach agus i dTuarascáil 2019 uaidh ar Chuntais na Seirbhíse Poiblí – Caibidil 14, An Coimisiún um Achomhairc Chánach agus arna bplé leis an gCoimisiún um Achomhairc Chánach i mí Iúil 2012.

Is in 2016 a bunaíodh an Coimisiún um Achomhairc Chánach mar chomhlacht reachtúil faoin Acht Airgeadais (Achomhairc Chánach), 2015. Is é an phríomhaidhm atá aige cinntí a dhéanamh ar achomhairc ag cáiníocóirí in aghaidh breitheanna ó Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim a bhaineann le cánacha agus dleachtanna. I dtuarascáil 2019 ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste maidir le hAchomhairc Chánach a Bhainistiú, rinneadh cúig mholadh, a bhfuil trí chinn acu dírithe ar an gCoimisiún. Chuir an Coiste fáilte roimh dheimhniú an Choimisiúin gur cuireadh na moltaí seo i bhfeidhm.

Dhírigh an Coiste um Chuntais Phoiblí ar Mhalairt Slí chun Aighnis a Réiteach agus foirniú agus ualach cásanna sa Choimisiún. Thug an Coiste dá aire gur cuid de na córais chánach sa Ríocht Aontaithe, sa Nua Shéalainn agus san Astráil é Malairt Slí chun Aighnis a Réiteach, a mhínítear mar phróisis, seachas cinneadh breithiúnach, a úsáid, lena gcabhraíonn duine neamhchlaonta le daoine atá ag díospóid chun saincheisteanna a réiteach eatarthu.

Chuala an Coiste gurb ann do thacaíocht d’úsáid Malairt Slí chun Aighnis a Réiteach in Éirinn agus go bhfuil an Coimisiún um Achomhairc Chánach tar éis an ní a thógáil leis an Roinn Airgeadais agus le hInstitiúid Cánach na hÉireann. Cé go mbíonn próisis a bhaineann le Malairt Slí chun Aighnis a Réiteach ar siúl idir na Coimisinéirí Ioncaim agus cáiníocóirí, ní hann do shaoráid chun go ndéanfaidh an Coimisiún iad a éascú nó a threorú, a dúradh leis an gCoiste um Chuntais Phoiblí.

Dúirt an Teachta Brian de Stainléigh, arb é Cathaoirleach an Choiste um Chuntais Phoiblí é, “Tá an Coiste de tuairim gur chóir go mbeadh ag an gCoimisiún a mhéid roghanna is féidir nuair a bheidh díospóidí cánach á éisteacht agus á mbreithniú aige chun go ndéanfar dliteanais ionchasacha ar an Státchiste a réiteach go héifeachtúil.

Molann an Coiste um Chuntais Phoiblí go ndéanfadh an Roinn Airgeadais tuarascáil a sholáthar don Choiste ina mbeidh mionsonraí faoin mbreithniú aige ar phróisis mhalairteacha chun aighnis a réiteach, agus aon fhorbairtí i dtaobh an chéanna i ndáil leis an gCoimisiún um Achomhairc Chánach.

“Molaimid freisin go n-áireodh an Coimisiún i ngach tuarascáil amach anseo, mionsonrú breise ar an méid achomharc a fuarthas in aon bhliain ar leith dá ndearnadh éisteacht nó comhdháil cháis a sheoladh.”

Maidir le foirniú agus ualach cásanna sa Choimisiún, chuala an Coiste go raibh, faoi dheireadh 2019, 3,357 cás oscailte achomhairc, ag a raibh luach comhlán €3.8 billiún. Faoi am a seoladh an cruinniú leis an gCoimisiún an 8 Iúil 2021, bhí 2,906 achomharc ann ar a raibh luach €4.2 billiún.

Dúirt an Teachta de Stainléigh: “Léiríodh le linn an chruinnithe an gá atá le coimisinéirí breise chun plé leis an méid achomharc ar bhealach is éifeachtúla. I bhfianaise líon na n-achomharc atá i gceist, agus an mhéid airgid a bhaineann leo, tá sé tábhachtach go bhfuil dóthain acmhainní ag an gCoimisiún chun achomhairc a chinneadh laistigh de na teorainneacha ama arna leagan síos aige. Gheobhaidh an Státchiste cistí go tráthúil ó chinntí an Choimisinéara de réir a éifeachtúla a dhéanann an Coimisiún a ualach cásanna a chur i gcrích.

“Cuireann na comhaltaí fáilte roimh an laghdú suntasach, ó Iúil 2021 go Lúnasa 2023, ar líon na n-achomharc atá idir lámha, ó 2,906 go 1,218, a raibh laghdú i gceist leis an méid airgid a bhaineann leo ó €4.2 billiún go €720 milliún, i dteannta feabhsuithe eile sa Chomisiún. Thug sé dá aire freisin gur ceadaíodh ceithre Choimisinéir bhreise, a bhfuil próiseas a n-earcaithe le tosú an mhí seo.

“Molann an Coiste go gcinntíonn an Roinn Airgeadais go mbeidh tosaíocht ag earcú na gceithre Chomisinéir Achomharc, d’fhonn go mbeidh an Coimisiún in ann leanúint den líon achomharc atá idir lámha, agus den mhéid airgid a bhaineann leo, a laghdú.

Tá an Tuarascáil ar Scrúdú ar an gCuntas Leithreasa i leith Vóta 10 - An Coimisiún um Achomhairc Chánach agus nithe gaolmhara ar fáil ar shuíomh idirlín an Oireachtais.

Is Buanchoiste de chuid Dháil Éireann é an Coiste um Chuntais Phoiblí a dhíríonn ar a chinntiú go reáchtáiltear seirbhísí poiblí go héifeachtúil agus ar bhonn luach ar airgead. Tá tuilleadh eolais faoi ról agus faoi chúram an Choiste le fáil anseo.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn