23 DFómh 2023, 17:48
Tiocfaidh an Coiste um Shláinte le chéile Dé Máirt an 24 Deireadh Fómhair chun breithniú a dhéanamh ar mhaoiniú na seirbhísí sláinte in 2024 agus ar na himpleachtaí do na seirbhísí sláinte agus d’earcú foirne ar 9.30am i Seomra Coiste 1 de Theach Laighean.
An an gcruinniú, cloisfear ó ionadaithe ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ó oifigigh ón Roinn Sláinte.
Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Seán Mac Concradha, “Is maith is eol dúinn go raibh infheistíocht shubstaintiúl i réimse na sláinte le blianta beaga anuas agus beidh deis ann le linn an chruinnithe amárach chun plé a dhéanamh ar conas a fheidhmeoidh seirbhís sláinte na hÉireann in 2024 tar éis an fhógra sa Bhuiséad le déanaí.
Déanfaimid anailisiú i bpáirt le FSS agus leis an Roinn Sláinte maidir le cá ndíreofar, dar leo, an maoiniú leithroinnte don bhliain seo chugainn mar thosaíocht agus cé chomh mór an tionchar a bheidh ag an reo ar earcú a fógraíodh le déanaí ar othair agus ar oibrithe san earnáil sláinte atá faoi bhrú cheana féin araon.
Is féidir breathnú ar an gcruinniú i Seomra Coiste 1 beo ar Oireachtas TV.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.
Fiosrúcháin ó na meáin
Stephen Higgins
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 (0) 1 618 4743
+353 (0) 85 801 3096
Twitter: @OireachtasNews