Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Beidh cruinniú ag an gComhchoiste um Dhlí agus Ceart le haghaidh idirghabháil i dtaobh Nithe a bhaineann le Póilíneacht

23 DFómh 2023, 16:26

Beidh cruinniú ag an gComhchoiste um Dhlí agus Ceart amárach, Dé Máirt an 24 Deireadh Fómhair 2023 le haghaidh idirghabháil i dtaobh Nithe a bhaineann le Póilíneacht.

Beidh an cruinniú ar siúl i Seomra Coiste 1 de Theach Laighean ar 4 p.m.

Cloisfidh an Coiste ó ionadaithe uathu seo a leanas:

·       Comhaltas Ionadaitheach an Gharda Síochána

·       Cumann Sairsintí agus Cigirí den Gharda Síochána

·       Cumann Bhialanna na hÉireann

·       An tUasal Anthony Gallagher, Sairsint den Gharda Síochána atá ar Scor

Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Séamas Laighléis, “Is maith is eol don Choiste againn an tionchar atá ag an gcoiriúlacht ar an tsochaí in Éirinn i gcónaí. Beidh deis ann ag an gcruinniú amárach éisteacht le líon leas-sealbhóirí rí-thábhachtacha i ndáil leis na téamaí seo a leanas:

 

1.     Na Dúshláin a bhaineann le hearcú agus le foireann a choimeád; uainchlárú agus meanma laistigh den fhórsa.

 

2.     Póilíniú i gCathair Bhaile Átha Cliath – an méadú atá ceaptha a bheith tagtha ar choiriúlacht sráide – an bhfuil ag éirí leis an gcur chuige láithreach?

 

3.     Póilíniú le linn agóidí – an bhfuil meá chothrom á baint amach i gcomhthéacs an ceart chun teacht le chéile go síochánta.

 

 

Féachfaimid le léargas tábhachtach a fháil ó na leas-sealbhóirí a bheidh i láthair amárach d’fhonn go mbeidh an Coiste againn in ann moltaí inbhraite ar phóilíniú in Éirinn a thabhairt chuig an Roinn.”

Is féidir an cruinniú a fheiceáil beo ar Theilifís an Oireachtais.

Is féidir tuilleadh a léamh anseo faoi obair an Choiste um Dhlí agus Ceart

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil ar Aip Fóin Chliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil ar ghléasanna Apple agus Android, freisin.

Fiosrúcháin ó na meáin

Stephen Higgins

Tithe an Oireachtais,

Oifigeach Cumarsáide,

Teach Laighean, 

Baile Átha Cliath 2

+353 (0) 1 618 4743

+353 (0) 85 801 3096

stephen.higgins@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie

Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn