Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tuarascáil Chomhchoiste na Gaeilge á seoladh inniu ag Oireachtas na Samhna 2023 i gCill Áirne ar ‘Earnáil Scríbhneoireacht, Foilsitheoireachta agus Léitheoireachta na Gaeilge’

3 Samh 2023, 14:00

Inniu, tá tuarascáil á foilsiú ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar ‘Earnáil Scríbhneoireachta, Foilsitheoireachta agus Léitheoireachta na Gaeilge’. Seolfar í ag 18:00 tráthnóna inniu in Amharclann an Oireachtais, in Óstán Brehon i gCill Áirne mar chuid de shraith imeachtaí Oireachtas na Samhna 2023.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Is cúis áthais don Chomhchoiste í gur féidir leis an tuarascáil thábhachtach seo a sheoladh ag ceann de mhór imeachtaí bliantúla shaol na Gaeilge go háirithe ós rud é go bhfuil ábhar agus moltaí na tuarascála fite fuaite leis an oiread sin daoine agus eagraíochtaí a bhíonn ag treabhadh ghort na scríbhneoireachta, na foilsitheoireachta agus na léitheoireachta Gaeilge.

“Le linn don Chomhchoiste breis is 30 aighneacht a fháil mar chuid dá imscrúdú ar an gceist seo, d’eagraigh sé 11 cruinniú poiblí sa bhliain 2022 chun tuilleadh breithnithe a dhéanamh ar thaithí agus ar dhúshláin na bpáirtithe leasmhara sna hearnálacha cuí. D’éirigh liom féin agus Comhaltaí an Chomhchoiste súil ghéar agus chríochnúil a chaitheamh ar an bhfianaise a leagadh faoinár mbráid agus moltaí a chur i dtoll a chéile le cur faoi bhráid an Rialtais chun a chur ina luí orthu a thábhachtaí is atá an tsárobair atá ar siúl ag na hearnálacha seo chun réimse litríochta leathan, chomhaimseartha agus ionadaíoch a chur ar fáil do phobal labhartha na Gaeilge trí chéile – idir chainteoirí dúchais agus fhoghlaimeoirí na teanga.

“Is chuige sin a chuir an Comhchoiste 10 bpríomh-mholadh le chéile sa tuarascáil mar chuid dá bhreithniú air seo, lena n-áirítear 110 moladh shonracha, chun aitheantas a thabhairt don taithí fhairsing a bhí ag na páirtithe leasmhara go léir a bhí i mbun idirghabhála leis an gComhchoiste ar réimse leathan ábhar, dúshlán agus réiteach a bhaineann le scríbhneoireacht, foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge.

“Tá súil agam go dtabharfaidh an Rialtas agus na hAirí ábhartha an t-aitheantas agus an tacaíocht chuí chun cabhrú leis na hearnálacha seo tabhairt faoina gcuid oibre chun litríocht na Gaeilge a chur chun cinn fud fad na hÉireann agus i gcéin mar ghné ríluachmhar de chuid chultúr na tíre – caithfidh siad beart a dhéanamh de réir a mbriathair.

“Idir an dá linn, tá an Comhchoiste ag súil go mór leis an tuarascáil seo a sheoladh tráthnóna inniu agus dul i mbun plé leo siúd a bheidh i láthair ar ábhar na tuarascála agus na moltaí atá inti.”

Is féidir an tuarascáil ar ‘Earnáil Scríbhneoireacht, Foilsitheoireachta agus Léitheoireacht na Gaeilge’ a léamh anseo.

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn