Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Léirithe Spéise á lorg ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge i gcomhair Ainmniúcháin mar Chomhaltaí de Bhord TG4

21 Samh 2023, 16:30

Tá iarratais agus dá réir léirithe spéise á lorg ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ó dhaoine ar mhaith leo bheith san áireamh agus an gComhchoiste ag roghnú beirt ainmneacha chun cur faoi bhráid an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán – an Teachta Dála Catherine Martin, le ceapadh do dhá folúntas mar chomhaltaí de Bhord TG4. (Is faoi Alt 81(1))(b) den Acht Craolacháin 2009 atá dhá fholúntas ar Bhord TG4 le líonadh faoi láthair, agus is faoin gComhchoiste atá sé na folúntais seo a líonadh.

Caithfidh Gaeilge líofa a bheith ag gach aon iarrthóir.

De réir Alt 82(1) den Acht Craolacháin 2009, caithfidh taithí nó inniúlacht a bheith ag aon iarrthóir ar cheann amháin ar a laghad “de na réimsí seo a leanas: -

  • gnóthaí na meán,
  • craolachán seirbhíse poiblí,
  • táirgeadh lánais chraolacháin,
  • teicneolaíocht na meán digiteach,
  • gnóthaí ceardchumainn,
  • gnóthaí gnó nó tráchtála,
  • nithe a bhaineann le forbairt na Gaeilge,
  • nithe a bhaineann le míchumas,
  • ealaíona, ceol, spórt nó cultúr,
  • eolaíocht, teicneolaíochta nó nithe comhshaoil,
  • gnóthaí dlí nó rialála; agus
  • gnóthaí sóisialta, oideachais, nó pobail nó gnóthaí Gaeltachta.”

Chomh maith leis sin, cé nach bhfuil sé riachtanach, beidh sé ina bhuntáiste ag iarrthóirí más féidir leo aon táithí, cumas, cáilíocht ghairmiúil, scileanna nó saineolas faoi cheachtar den dá phróifíl seo a leanas a léiriú: -

“Próifíl 1:

Taithí airgeadais i roinnt réimsí mar seo a leanas: cuntasaíocht, iniúchóireacht agus bainistíocht riosca;

Cáilíocht ghairmiúil i gcuntasaíocht nó airgeadas (nó saineolas airgeadais creidiúnaithe); agus

Cumas láidir tráchtála agus an cumas sonraí airgeadais a léirmhíniú.

 

Próifíl 2:

Saineolas agus Taithí ar Phleanáil Teanga.

Sheol d’iarratas, roimh 12 méan oíche, Céadaoin 20 Nollaig 2023, chuig:

Eoghan Ó Cruadhlaoich,

Cléireach Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge

Tithe an Oireachtais,

Teach Chill Dara,

Sráid Chill Dara,

Baile Átha Cliath 2.

nó chuig:

eoghan.ocruadhlaoich@oireachtas.ie

Ní ghlacfar le haon iarratas a gheofar i ndiaidh an dáta agus an ama sin.

Is féidir d’iarratas a sheoladh isteach i bhfoirm chruachóip nó leictreonach, agus is gá go mbeidh sé sínithe agus dátaithe agat, agus go mbeidh do curriculum vitae iniata leis.

Ba chomhair go mbeifeá ar fáil chun agallamh a dhéanamh le linn mhí Eanáir 2024. Tá sé ar intinn ag an gComhchoiste na hagallaimh a dhéanamh chomh luath agus is féidir i mí Eanáir 2024.

Beidh cinneadh an Chomhchoiste ina chinneadh deireadh, agus ní thabharfar aon aiseolas d’iarrthóirí.

Is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an Chomhchoiste agus ní thabharfar aon aiseolas d’iarrthóirí.

Má tá breis faisnéis de dhith, is féidir leat dul i dteagmháil leis an gCléireach tríd an ríomhphost thuas.

Tá an fógra seo ar fáil ar shuíomh idirlín ‘StateBoards.ie’ chomh maith.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn