Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tá an Comhchoiste um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú, agus an Taoiseach tar éis Tuarascáil ar Dhaoine atá faoi Riteacht Pholaitiúil a fhoilsiú

13 Noll 2023, 13:15

Tá an Comhchoiste um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú, agus an Taoiseach tar éis a Thuarascáil ar Dhaoine atá faoi Riteacht Pholaitiúil a fhoilsiú ina molann sé go ndéanfar athbhreithniú cuimsitheach ar thionchar na mbeart frith-sciúrtha airgid ar Dhaoine atá faoi Riteacht Pholaitiúil, ar a dteaglach agus a dlúth-chomhghleacaithe, agus molann sé grinnscrúdú méadaithe ag an Oireachtas ar reachtaíocht agus rialacháin AE chun cothromaíocht agus cothrom na féinne a ghnóthú.

Agus an tuarascáil á seoladh aige, dúirt an Teachta Seán Mac Aonghusa, Cathaoirleach an Choiste Airgeadais: “Is uirlis thar a bheith riachtanach i gcónaí iad bearta Frith-Sciúrtha Airgid agus Frith-Sceimhlitheoireachta chun calaois agus úsáid neamhdhleatach an chórais airgeadais a chomhrac. Tacaíonn an Coiste Airgeadais leis na hiarrachtaí seo agus creideann sé go bhfuil na bearta seo riachtanach ar mhaithe le sláine córais airgeadais atá trédhearcach agus éifeachtach.

Is éard iad Daoine atá faoi Riteacht Pholaitiúil, ar a dtabharfar DRPanna freisin, pearsana aonair ag a bhfuil feidhmeanna ardréime poiblí agus atá faoi réir dícheall cuí méadaithe breise. Glacann an Coiste, mar pholaiteoirí, an gá atá le bearta den sórt sin. Tá sé riachtanach, áfach, maidir le haon bearta díchill chuí mhéadaithe a thógann seirbhísí airgeadais i gcoinnne DRPanna, go mbíonn siad cothrom, cuí agus cóir.

Tugann an Comhchoiste dá aire an imní arna mhéadú le tamall anuas go bhfuil tionchar suntasach, míchothrom ar phearsana aonair de dheasca feidhmiú beart den sórt sin. Chualamar fianaise go mbeidh tionchar ag bearta frith-sciúrtha airgid ar líon méadaithe pearsana aonair, agus go n-áireofar orthu i ndeireadh na dála na daoine go léir a úsáideann na seirbhísí baincéireachta.

“Tá sé tábhachtach, áfach, go mbainfear cothromaíocht amach le linn a chinntiú, maidir le DRPanna, dlúth-chomhghleacaithe leo nó daoine dá dteaghlach, ar daoine iad nach bhfuil baint acu ach ar éigean, nó nach bhfuil baint acu ar chor ar bith, le polaitíocht nó le feidhmeanna poiblí eile, nach ndéileálfar leo ar shlí atá chomh difriúil sin agus a chuirfear cosc le seirbhísí baincéireachta ó lá go lá. Anuas air sin, níor chóir go mbeadh bearta den sórt sin ina mbac ar dhaoine ar mian leo a bheith rannpháirteach i gcúrsaí polaitíochta nó i slithe beatha eile a meastar gurb éard atá i gceist leo gabháil do ‘feidhm ardréime phoiblí’.”

Déantar, leis an tuarascáil a fhoilsítear inniu, scrúdú ar na bearta láithreacha frith-sciúrtha airgid agus go sonrach, ar an tionchar atá acu ar dhaoine atá faoi riteacht pholaitiúil, ar dhaoine dá dteaghlach agus ar a ndlúth-chomhghleacaithe. Tá an réimeas dinimiciúil agus táthar tar éis bearta breise a thras-scríobh le déanaí i reachtaíocht na hÉireann agus táthar le hathruithe breise a chur i bhfeidhm. Beartaítear leis an tuarascáil go ligfear cur i bhfeidhm feabhsaithe na n-athruithe seo a dhéanamh lena ligfear córas atá éifeachtach ach fós atá cóir agus cuí a chur ar bun.

Bhí cruinniú ag an gComhchoiste le hoifigigh don Roinn Airgeadis agus don Roinn Dlí agus Cirt an 5 Deireadh Fómhair 2022 chun Daoine atá faoi Riteacht Pholaitiúil a phlé. Ina theannta sin, breithnítear sa tuarascáil seo fianaise scríofa d’fhoinsí éagsúla lena n-áirítear aighneachtaí ó Chomhaltaí Éireannacha de Pharlaimint na hEorpa (CPE) agus freagraí scríofa ó na Ranna.

De bhun na n-idirghábhalacha seo, agus fianaise a chualathas, molann an Comhchoiste:

  • Gur chóir don Roinn Airgeadais agus don Roinn Dlí agus Cirt athbhreithniú a ghabháil de láimh chun scrúdú a dhéanamh ar na bearta láithreacha frith-sciúrtha airgid lena n-áirítear an tionchar atá ag bearta díchill chuí mhéadaithe i leith Daoine atá faoi Riteacht Pholaitiúil, ar dhaoine dá dteaghlach agus ar a ndlúth-chomhghleacaithe;
  • Ba chóir don Aire Airgeadais tuarascáil bhliantúil a thabhairt don Chomhchoiste ina mbeidh sonraí maidir leis an obair arna gabháil de láimh ag an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (TGA);
  • Gur chóir do Choiste den Dáil gach treoir shuntasach de bhunadh AE a phlé sula nglacfar go deireanach í de dheasca easpa ionchuir pholaitiúil ag na céimeanna éagsúla;
  • Go ndéanfaidh an Roinn Airgeadais agus an Roinn Dlí agus Cirt athmheas ar na treoirlínte maidir le daoine a bhfuil ‘feidhm ardréime phoiblí’ acu’ a mhíniú. Tá imní ar an gComhchoiste go bhfuil na mínithe teibí i gcónaí agus nach dtiocfadh pearsana aonair a ghabhann feidhmeanna den sórt sin de láimh faoi réim na bparaiméadar láithreach nó na teorainneacha tuarastail de réir na dtreoirlínte láithreacha.
  • Go ndéanfaidh an Roinn Dlí agus Cirt agus an Roinn Airgeadais tuarascáil bhliantúil a thabhairt don Chomhcoiste maidir le hobair leanúnach a ghabhfar de láimh ar leibhéal náisiúnta agus AE maidir le bearta éifeachtacha frith-sciúrtha airgid a fheidhmiú i gcoinne iontaobhas, Cuideachtaí Scealla agus cuideachtaí de chuid Alt 110 agus maidir le treoirlínte agus comhairle bhreise ar an ábhar.

Dúirt an Teachta Mac Aonghusa: “Ba chóir go ndéanfar scrúdú leis an athbhreithniú a ghabhfaidh an Roinn Airgeadais agus an Roinn Dlí agus Cirt de láimh ar an líon cásanna inar diúltaíodh do phearsana aonair ar measadh gur DRPanna iad gnáth-idirbhearta baincéireachta a ghabháil de láimh nó inar cuireadh moill ar dhaoine den sórt sin i leith an chéanna, scrúdú ar an méid ama a thógtar chun bearta díchill chuí mhéadaithe a ghabháil de láimh i gcoinne pearsana aonair agus chun breith a thabhairt maidir le cibé acu a cheadófar idirbheart, agus scrúdú ar an tionchar ar dhlúth-chomhghleacaí nó daoine de theaghlach DRPanna nach bhfuil ‘feidhmeanna ardréime poiblí acu’. Ba chóir toradh an athbhreithnithe seo a fhoilsiú chun go ligfear don Chomhchoiste agus don Oireachtas breithniú a dhéanamh air.

“Tá i bhfad níos mó grinnscrúdaithe de dhíth ar leibhéal AE chun a chinntiú go mbainfear comthromaíocht agus cothrom na féinne amach i cibé reachtaíocht nó rialacháin a bheartaítear. Ba chóir don Oireachtas a chuid próiseas formhaoirsithe a neartú maidir le gach treoir AE ón dáta a thairgfear ceann go dtí an dáta a chuirfear i gcrích í. Chuige seo, is gá go mbeidh comhaltaí de Pharlaimint AE níos cuntasaí do Dháil Éireann. Déantar cuid de na saincheisteanna ríthábhachtacha a mhionsonrú sa tuarascáil seo agus molaim go lifgear de bharr na tuarascála, díospóireacht níos fairsigne ar an ábhar a sheoladh.”

Aithníonn an Comhchoiste an priacal mór atá ann ó thaobh criptea-aistrithe agus na deacrachtaí i dtaca le bearta frith-sciúrtha airgid agus frith-sceimhlitheoireachta a chur i bhfeidhm ar aistrithe den sórt sin. Cuireann an Comhchoiste fáilte roimh na Rialacháin maidir le Criptea-Shócmhainní (MiCA) agus leanfaidh sé de réimse an Chriptea-airgeadra a scrúdú.

Ghabh an Teachta Mac Aonghusa buíochas leis na hoifigigh ón Roinn Airgeadais agus ón Roinn Dlí agus Cirt as idirghabháil a dhéanamh maidir leis an topaic seo agus le Seirbhís Leabharlainne agus Taighde an Oireachtais as an gcúnamh a thug siad i dtaca leis an ábhar réamh-eolais. Ghabh sé buíochas freisin le comhaltaí an Chomhchoiste as a n-idirghabháil i rith an ama.

Tá an Tuarascáil ar Dhaoine atá faoi Riteacht Pholaitiúil ar fáil ar shuíomh idirlín an Oireachtais.

14 Chomhaltaí atá ar an gComhchoiste um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú, agus an Taoiseach, naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn