Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge ag plé na Seirbhíse Poiblí atá á soláthar ag Eircode / Capita leis an Aire Stáit – An Teachta Dála Jack Chambers

31 Ean 2024, 15:00

Ag a chruinniú amárach, Déardaoin, an 1 Feabhra 2024, pléifidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge a thuarascáil ‘An tSeirbhís Phoiblí Eircode agus Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 ....’ leis an Aire Stáit ar a bhfuil freagracht speisialta maidir le Beartas Poist agus le hÉirchóid – an Teachta Dála Jack Chambers.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “D’fhoilsigh an Comhchoiste an tuarascáil seo roimh an Nollaig agus d’iarramar ar an Aire ag an am teacht os ár gcomhair chun an tuarascáil agus na moltaí atá mar chuid di a phlé linn roimh dheireadh 2023, agus sula gcuirfí síneadh leis an gconradh reatha atá ann idir a Roinn agus an comhlacht príobháideach Eircode / Capita Business Support Services, Ireland Limited (Eircode / Capita). Faraor, níor tharla an cruinniú sin agus cuireadh síneadh trí bliana leis an gconradh sin, in ainneoin go raibh agus go bhfuil an Comhchoiste an-cháinteach ar a fhorálacha agus ar an easpa seirbhísí Gaeilge a bhí agus ata á gcur ar fáil ag Eircode / Capita don phobal.

“É sin ráite, agus in ainneoin go bhfuil an chuma ar an scéal gur beart i gcrích atá ann don tseirbhís lochtach seo go ceann* trí bliana eile, is mian leis an gComhchoiste a mholtaí a phlé leis an Aire agus tiomantas poiblí a fháil uaidh go gcuirfidh a Roinn moltaí dearfacha an Chomhchoiste i bhfeidhm nuair a thiocfaidh an conradh lochtach reatha seo chun deiridh i gceann trí bliana.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Is féidir an cruinniú, i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar  Teilifís an Oireachtais.

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn