Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Mic Léinn ó Chill Dara chun bheith páirteach i gcearlann Lá Fhéile Bríde i dTeach Laighean

31 Ean 2024, 15:26

Óstálfaidh Cácas Parlaiminte na mBan in Éirinn ceardlann teicstílí i dTeach Laighean amárach, Déardaoin an 1 Feabhra, chun saol Naomh Bríd agus Brigid1500, arb é cothrom 1500 bliain a báis é, a chomóradh.

Deich mac léinn bunscoile as Bunscoil Bhríde, Rath Iomgháin, Contae Chill Dara agus ceithre mhac léinn iar-bhunscoile as Ardscoil Rath Iomgháin, Rath Iomgháin, Contae Chill Dara, a dhear agus a rinne an fhallaing i sraith ceardlann arna stiúradh ag Aideen Cross, ealaíontóir teicstílí.

Le linn na ceardlainne i dTeach Laighean, cuirfidh na mic léinn ballchríoch ar fhallaing Naomh Bríd agus bronnfaidh siad ar Chácas na mBan é. Beidh deis ag baill foirne agus Comhaltaí de Thithe an Oireachtas cur leis an bhfallaing, faoi stiúr na mac léinn. Rinneadh an fhallaing as fabraicí athchúrsáilte, arb é Cácas na mBan a chuir cuid díobh ar fáil, agus maisíodh í le siombail de shaol agus d’oidhreacht Naomh Bríd.

Dúirt Cathaoirleach Chácas Parlaiminte na mBan in Éirinn, an Seanadóir Fiona Ní Lochlainn an méid seo a leanas faoin gceardlann.

“I mbliana, déanfaimid comóradh ar chothrom 1500 bliain bhás Naomh Bríd. Rugadh í timpeall 453 A.D. agus fuair sí bás in 524. Is iomaí scéal agus seanchas a bhaineann lena breith agus lena luathbhlianta, agus beidh sí luaite i gcónaí le Contae Chill Dara, arb é mo chontae dúchais é, agus is í Éarlamh na mBan í.

Bean déanta síochána agus caibidleoir ab ea í Bríd. Réitigh sí le héagsúlachtaí a raibh an chuma orthu gur éagsúlachtaí doréiteacha iad. Is tráthúil an deis é seo cuimhniú ar an teachtaireacht seo faoin bhfrith-fhoréigin agus sinn ag tabhairt na ndaoine go léir a fhéachann le síocháin a chothabháil ar oileán na hÉireann chun cuimhne.

Mar bhandia págánch agus Naomh urraime, is nasc í Naomh Bríd idir an saol págánach agus saol na Críostaíochta, agus bhí baint aici le cneasú, torthúlacht agus cnáimhseachas, leis an bpobal feirmeoireachta, ríocht na n-ainmhithe agus saincheisteanna comhshaoil.”

Chun Brigid1500 a chomóradh, glacfaidh Dáil agus Seanad Éireann páirt sa Sos ar son na Síochána ar 12 meán lae.

 

Fiosrúcháin ó na meáin

Garret Farrell
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2


garret.farrell@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn