6 Feabh 2024, 14:26
Ag a chruinniú amárach, Dé Céadaoin, an 7 Feabhra 2024, pléifidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta, agus Phobal Labhartha na Gaeilge infheictheacht na Gaeilge ar na meáin shóisialta le hionadaithe ó Meta agus TikTok in Éirinn sa chéad seisiún; agus le Coimisiún na Meán sa dara seisiún.
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Tá an Comhchoiste ag súil go mór dul i mbun plé le Meta agus TikTok sa chéad seisiún dá chruinniú amárach chun bearnaí a aithint i gcás na nGaeilge ar na meáin shóisialta agus teacht ar bhealaí agus féidearthachtaí lena chinntiú go gcuirfear an teanga chun cinn orthu dá réir. Is mian linn an deis a thapú ardán a thabhairt dóibh siúd a bhíonn ag cruthú ábhair i nGaeilge ar na hardáin seo ar líne agus an nasc eatarthu a threisiú le pobal labhartha na Gaeilge – ní amháin in Éirinn ach ar fud na cruinne.
“Mar chuid den phróiseas sin, teastaíonn ón gComhchoiste tuilleadh faisnéise a fháil ó na hionadaithe seo i dtaca leis an ról atá ag an intleacht shaorga agus shábháilteacht ar líne ar na hardáin seo agus léargas níos fearr a fháil ar an bhfeidhm a bheadh ag an nGaeilge mar chuid de.”
“Anuas air sin, sa dara seisiún den chruinniú seo, is mór ag an gComhchoiste é an deis chéanna a thapú dul i mbun cainte le Coimisiún na Meán ar úsáid agus infheictheachta na Gaeilge mar chuid d’obair an Choimisiúin, go háirithe faoin athbhreithniú cuimsitheach ar sholáthar seirbhísí Gaeilge mar a bhí á mholadh i dtuarascáil Choimisiún na Meán. Tá an Comhchoiste ag súil go mór le héisteacht Choimisiún na Meán le linn an tseisiúin seo agus faoin obair atá idir lámha aige chun eolas a bhailiú ar éifeachtach agus ábharthacht na meán Gaeilge trí chéile.”
Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.
Is féidir an cruinniú, i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Teilifís an Oireachtais.
Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.
Fiosrúcháin ó na meáin
Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews
Comhaltas coiste
Teachtaí