Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tugann an Ceann Comhairle ómós don iar-Thaoiseach John Bruton nach maireann

6 Feabh 2024, 11:30

Déanann Ceann Comhairle Dháil Éireann, Seán Ó Fearghaíl TD, a chomhbhrón ó chroí a chur in iúl do theaghlach, cairde agus comhghleacaithe an iar-Thaoisigh John Bruton a fuair bás inniu agus é in aois a 76 bliana.

Dúirt an Ceann Comhairle: “Cuireadh faoi bhrón mé nuair a fuair mé scéala faoi bhás John Bruton agus thar ceann Thithe an Oireachtais gabhaim mo chomhbhrón ó chroí lena bhean chéile, Finola, lena chlann, Matthew, Juliana, Emily agus Mary-Elizabeth, a gharpháistí, a dheirfiúr Mary, agus lena dhearthár, ar comhghleacaí dár gcuid i nDáil Éireann é, an Teachta Richard Bruton.

“Chaith John Bruton beagnach daichead bliain de sheirbhís thiomanta a thabhairt do mhuintir na hÉireann sa tréimhse ina raibh sé ina Chomhalta den Dáil ón gcéad uair a toghadh é in 1969 go dtí go ndeachaigh sé ar scor in 2005. Le linn dó bheith ina Theachta Dála, ina Aire agus ina Thaoiseach sa deireadh, chaith John iomlán a dhúthrachta leis an daonlathas agus ba pholaiteoir ionraic amach is amach é a bhí tiomanta do sheirbhís ar son an phobail. Sin an oidhreacht a fhágfaidh sé againn.

“Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.

Fiosrúcháin ó na meáin

Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn