Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge ag plé úsáid agus infheictheacht na Gaeilge ar na meáin chraolta le RTÉ, TG4, Raidió Fáilte, Raidió na Life agus Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann

20 Feabh 2024, 15:45

Ag a chruinniú amárach, Dé Céadaoin, an 21 Feabhra 2024, leanfaidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta, agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar aghaidh lena bhreithniú ar an ábhar ‘Úsáid agus Infheictheacht na Gaeilge ar na Meáin’ agus is iad na meáin chraolta agus na meáin shóisialta a bhaineann leo a bheidh faoi chaibidil ag na Comhaltaí agus na finnéithe ag an gcruinniú seo.

Beidh an cruinniú ar siúl i Seomra Coiste 4 ag 13:30 nuair a thiocfaidh ionadaithe thar ceann RTÉ, TG4, Raidió Fáilte, Raidió na Life agus Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann os comhair an Chomhchoiste. 

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Tháinig ionadaithe thar ceann Meta agus TiTok os ár gcomhair coicís ó shin agus tabharfaidh ár mbreithniú leis na stáisiúin chraolta éagsúla léargas níos cruinne dúinn i taca le himscrúdú an Chomhchoiste ar an ábhar seo. Is mór an tábhacht atá leis na craoltóirí seo i gcás chur chun cinn na Gaeilge in Éirinn agus ar fud na cruinne agus tá an Comhchoiste buíoch as na hiarrachtaí atá ar siúl acu ina leith”.

“Mar sin féin, caithfear céimeanna réamhghníomhacha a fhorbairt i rith an ama, agus a chinntiú go gcuirfear i bhfeidhm iad, chun an lucht éisteachta agus féachana a mhealladh. Is ar na céimeanna réamhghníomhacha sin ar mhaith leis an gComhchoiste a aird a dhíriú ag cruinniú an lae amárach.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge

Is féidir an cruinniú, i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Teilifís an Oireachtais.

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn