Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Molann an Coiste um Chuntais Phoiblí (CCP) go ndéanfaidh an Rialtas RTÉ a thabhairt ar ais faoi réim shainchúram reachtúil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus go mbeidh sé cuntasach do CCP

5 Márta 2024, 11:00

Tá an Coiste um Chuntais Phoiblí (CCP) tar éis moladh a dhéanamh go ndéanfaidh an Rialtas RTÉ a thabhairt ar ais faoi réim shainchúram reachtúil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ionas go mbeidh RTÉ cuntasach don Choiste a fhéadfaidh scrúdú a dhéanamh ar chuntais bhliantúla comhlachtaí poiblí sainainmnithe tar éis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste iad a iniúchadh agus tuarascáil a thabhairt orthu do Dháil Éireann.

Sa tuarascáil uaidh arna fhoilsiú inniu ar Scrúdú ar leithreasú airgid phoibli chuig RTÉ, agus ar RTÉ do chaitheamh an chéanna, molann CCP freisin go ndéanfaidh RTÉ, gan mhoill, clár de bhronntannais a chur i ngníomh agus molann CCP freisin go dtabharfaidh RTÉ tuarascáil don Choiste ar a chlár leasanna agus a chlár de ghníomhachtaí seachtracha don fhoireann ag RTÉ.

Dúirt an Teachta Brian de Stainléigh, Cathaoirleach an Choiste um Chuntais Phoiblí: “Leagtar amach sa tuarascáil seo forléiriú ar an bhfaisnéis a ndearnadh breithniú uirthi, na príomh-shaincheisteanna a aithníodh le linn an scrúdaithe, as ar tháinig conclúidí, tuairimí agus moltaí an Choiste.

“Bunaithe ar an bhfaisnéis a cuireadh faoina bhráid, creideann an Coiste go léirítear le cinnidh a rinne RTÉ easpa rialuithe dochta airgeadais, droch-chumarasáid, easpa trédhearcachta agus gurb éard atá inti mainneachtain rialachais lena ndearnadh, ar an iomlán, dochar don iontaoibh phoiblí ag an bpobal in eagraíocht ar chóir gurb í an iontaoibh an chloch is mó ar a cuid paidrín.

Rith Dail Éireann tairiscint an 28 Meitheamh 2023 lenar ceadaíodh don Choiste um Chuntais Phoiblí scrúdú a dhéanamh ar chaiteachas RTÉ, agus socraíochtaí tráchtála a rinne an craoltóir agus a láithreoirí ó 2017 go dtí seo, ar socraíochtaí iad ag a raibh tionchar ar chaitheamh airgid phoiblí agus a bhaineann leis an gcéanna. De réir na tairisceana, d’ullmhaigh an Coiste an tuarascáil seo ar an scrúdú a rinne sé ar mhéid mór comhfhreagrais, trí chruinniú poiblí le RTÉ agus crunniú poiblí amháin leis an Uasal Ryan Tubridy agus lena ghníomhaire, an tUasal Noel Kelly.

Déantar 21 mholadh sa tuarascáil ar shé shaincheist a ndearna an Coiste scrúdú orthu. Baineann siad leo seo a leanas:

  1. Frithghealladh a thabhairt maidir le híocaíochtaí breise leis an Uasal Ryan Tubridy mar chuid de chonradh 2020-2025 de chuid an láithreora.
  2. Maolaisnéis shuntasach ó RTÉ faoi thuillimh fhoilsithe an Uasail Tubridy ó 2017 to 2019;
  3. Úsáid cuntais malairte ag RTÉ taobh amuigh de na gnáth-rialuithe airgeadais;
  4. Pá feidhmeannach, liúntais agus pacáistí téarfa in RTÉ;
  5. Caillteanas suntasach ar Toy Show The Musical, agus easpa grinnscrúdaithe airgeadais ar an tionscadal ag Bord Feidhmiúcháin RTÉ; agus
  6. Nithe a bhaineann le caiteachas reatha ag RTÉ, lena n-áirítear costais a eascraíonn ó thuarascáil Eversheds Sutherland agus caillteanas meastas ioncaim maidir leis an gCeadúnas Teilifíse.

 

Is iad na príomh-mholtaí a rinne an Coiste:

  • go ndéanfaidh an Rialtas RTÉ a thabhairt ar ais faoi réim shainchúram reachtúil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste;
  • Go gcinnteoidh RTÉ nach ndéanfar aon socraíochtaí taoibhe (tráchtála nó eile) amhail an socraíocht a comhaontaíodh i gconradh an Uasail Tubridy, 2020-2025 a ghabháil de láimh i ndáil le conarthaí d’fhostaithe nó conraitheoirí as seo amach;
  • Go dtabharfaidh RTÉ isteach beartas scríofa i ndáil le caibidlí le láithreoirí agus lena n-ionadaithe;
  • Go bhforbróidh RTÉ beartas dá fhoireann i ndáil le hobair promóisin, agus le húsáid na meán sóisialta, agus go dtabharfaidh RTÉ tuarascáil don Choiste maidir leis an ní sin i Meitheamh 2024;
  • Go bhfoilseoidh RTÉ na tuarastail a fhaigheann comhaltaí foirne a oibríonn ag an gcraoltóir ar comhaltaí iad a thuilleann níos mó ná €150,000 in aghaidh na bliana i ráitis airgeadais RTÉ; agus go gcuirfear na méideanna cruinne a íoctar le hiarchomhaltaí foirne, ar comhaltaí iad a thuill níos mó ná €150,000 nuair a d’éirigh siad as an gcraoltaóir san áireamh sna ráitis airgeadais;
  • Go gcinnteoidh RTÉ nach mbeidh aon chlásail rúndacha i dtéarmaí aon chomhaontú téarfa a dhéanfar le comhaltaí foirne sa todhchaí, agus go mbeidh ar áireamh i gcomhaontú den sórt clásal go gcomhoibreoidh an t-iarfhostaí le haon fhiosruithe seachtracha nó le haon imscrúduithe seachtracha, lena n-áirítear le cinn de chuid Coistí Oireachtais;
  • Go mbeidh sé ar lánchumas ag an gCoiste um Iniúchadh agus Priacal in RTÉ a chinntiú gur féidir leis faireachán agus iniúchadh inmheánach a dhéanamh go héifeachtach, agus gur féidir leis moltaí a dhéanamh chun rialuithe airgeadais ag an gcraoltóir a fheabhsú;
  • Go dtabharfaidh RTÉ don Choiste nuashonrú i Meitheamh 2024 maidir leis an imscrúdú ag an Roinn Coimirce Sóisialaí i dtaobh aicmiú stairiúil ÁSPC de chuid oibrithe ag RTÉ, agus maidir le haon athbhreithnithe ar dhliteanas measta na Roinne ina leith sin, lena n-áirítear aon socraíochtaí a dhéanfar i leith an dliteanais chéanna, agus go gcoinneoidh RTÉ an Coiste ar an eolas faoi aon socraíochtaí breise.

Dúirt an Teachta de Stainléigh: “Ba mhaith liom, thar ceann an Choiste, buíochas a ghabháil leo siúd ar fad a d’fhreastail ar chruinnithe agus a thug fianaise i scríbhinn don Choiste. Is mian liom buíochas a ghabháil le comhaltaí an Choiste um Chuntais Phoiblí as ucht a gcuid oibre i ndáil lenár mbreithniú ar na saincheisteanna, agus as ucht an tuarascáil seo a ullmhú.

Is mian liom freisin aitheanatas a thabhairt d’obair an Chomhchoiste um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Spórt agus Meáin maidir leis an tréadhearcacht a bhaineann le RTÉ do chaitheamh cistí poiblí agus maidir le saincheisteanna rialachais a d’eascair as ráiteas a d’eisigh bord RTÉ an 22 Meitheamh 2023. Táim ag súil leis an tuarascáil ón gComhchoiste maidir lena scrúdú ar na nithe sin. 

Tuarascáil ghonta is ea é seo, i bhfianaise leithne an phlé agus an chomhfhreagrais ghaolmhair, agus molaim an tuarascáil agus na moltaí atá inti a léamh ina n-iomláine. Tá an Coiste chun a chinntiú go ndéanfar de réir na moltaí sa tuarascáil agus go gcuirfear iad i ngníomh”.

Tá na tuarascáil ón gCoiste um Chuntais Phoiblí Scrúdú ar leithreasú airgid phoibli chuig RTÉ, agus ar RTÉ do chaitheamh an chéanna ar fáil ar shuíomh gréasáin an Oireachtais.

Is Buanchoiste de chuid Dháil Éireann é an Coiste um Chuntais Phoiblí a dhíríonn ar a chinntiú go reáchtáiltear seirbhísí poiblí go héifeachtúil agus ar bhonn luach ar airgead. Tá tuilleadh eolais faoi ról agus faoi chúram an Choiste le fáil anseo. 

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn