Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foilsíonn an Comhchoiste um Bás Cuidithe a thuarascáil deiridh

19 Márta 2024, 12:11

Tá an Comhchoiste um Bás Cuidithe tar éis a thuarascáil deiridh a fhoilsiú inniu, Dé Céadaoin an 20 Márta.

Molann an Coiste go dtabharfaidh an Rialtas reachtaíocht isteach lena gceadófar bás cuidithe, in imthosca srianta áirithe arna leagan amach sna moltaí atá sa tuarascáil seo.

Ba é sainchúram an Chomhchoiste um Bás Cuidithe breithniú a dhéanamh ar athrú reachtach agus athrú beartais a bhaineann le ceart dlíthiúil chun cuidiú le duine deireadh a chur lena shaol nó lena saol agus le ceart dlíthiúil chun cuidiú den sórt sin a fháil.

Chomhaontaigh an Coiste freisin go bhféadfadh sé a mholadh nach ndéanfaí aon athruithe reachtacha ná athruithe beartais. Tá sé tar éis breathnú ar thopaic an bháis chuidithe trí chéile seachas ag céim na dréacht-reachtaíochta.

Bunaíodh an Coiste go luath in 2023 chun breithniú a dhéanamh ar athrú reachtach agus ar athrú beartais a bhaineann le ceart dlíthiúil chun cuidiú le duine deireadh a chur lena shaol nó lena saol agus le ceart reachtúil chun cuidiú den sórt sin a fháil.

Níor chomhaontaigh Comhaltaí an Choiste ar aon fhoirm foclaíochta amháin maidir leis an topaic, agus is dá bhrí sin a úsáidtear in éineacht na téarmaí arb iad bás cuidithe agus eotanáis. Aithníonn an Coiste go gcuirtear in aghaidh téarmaí áirithe a úsáid.

Agus é ag caint ag seoladh na tuarascála, dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Michael Healy Rae “Toradh ar obair an Choiste le naoi mí anuas is ea an tuarascáil seo. Bhí sé de phribhléid agam bheith i mo Chathaoirleach ar an gCoiste. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Comhaltaí an Choiste a thug dá gcuid ama agus a dhírigh a n-aird go dúthrachtach ar an tsaincheist chasta seo. Ní i gcónaí a d’aontaíomar lena chéile, ach tugadh cluas éisteachta do gach tuairim le hurraim.

“Chomhaontaigh an Coiste go bhféadfadh sé a mholadh nach ndéanfaí aon athruithe reachtacha ná athruithe beartais agus go mbeidh na saincheisteanna a ardaíodh sa tuarascáil ina n-ábhar díospóireachta sa dá Theach den Oireachtas.”

“D’oibríomar as lámh a chéile sa tslí is go mbeimis in ann an oiread airde ba ghá a dhíriú ar an topaic thábhachtach seo. D’oibrigh Rúnaireacht na gCoistí go dian díograiseach agus sholáthair Oifig an Chomhairleora Dlí Parlaiminte faisnéis, a bhí soiléir agus mionsonraithe, faoin gcúlra a bhaineann leis an topaic. Táimid an-bhuíoch leis na saineolaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhí páirteach sa Choiste le haghaidh cúram deireadh saoil, bás, agus bás cuidithe a scrúdú go mion.”

“Ina measc sin bhí saineolaithe sa dlí, eitic, leigheas, míchumas, cúram maolaitheach agus cúram deireadh saoil. Gabhaim buíochas ar leith leis na finnéithe eile a chomhroinn linn scéalta truamhéileacha dá gcuid féin faoin gcúram deireadh saoil. Ba dheacair na scéalta fíorbhrónacha sin a insint agus ba dheacair éisteacht leo ach chabhraigh siad le Comhaltaí an Choiste a chur ar an eolas faoin topaic íogair seo”.

Tá 30 moladh sa Tuarascáil a bhfuil roinnt acu leagtha amach thíos:

Molann an Coiste go ndéanfar an Prótacal Roghnach a ghabhann le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas a dhaingniú mar réamhchoinníoll le tosach feidhme reachtaíochta um bás cuidithe.

Molann an Coiste go gcosnófar sa dlí an ceart chun agóid choinsiasa ag gach dochtúir agus oibrí cúraim sláinte a bhfuil baint acu go díreach le bás cuidithe a sholáthar.

Molann an Coiste go ndéanfar téarmaí agus mínithe, a bheidh soiléir agus gan aon débhrí a bheith leo, a úsáid in aon reachtaíocht a fhéadfaidh a bheith ann maidir le bás cuidithe, ionas gur lú an baol go mbeidh neamhchinnteacht ann.

Molann an Coiste gur cóir, i gcás duine a bheith ag fiosrú faoi bhás cuidithe agus é nó í tar éis fáthmheas a fháil go bhfuil galar nó tinneas doleigheasta air nó uirthi, go gcuirfear ar an eolas é nó í faoi na roghanna cúraim deireadh saoil, lena n-áirítear cúram maolaitheach a rochtain, agus go gcuideofar leis an duine iad a rochtain.

Molann an Coiste gur cóir don chúram maolaitheach agus oibriú an bháis chuidithe, a bheith á n-oibriú go hiomlán ar leithligh agus go neamhspleách ar a chéile.

Molann an Coiste gur cóir acmhainní agus maoiniú le haghaidh seirbhísí cúraim mhaolaithigh, agus faisnéis faoi na seirbhísí sin a mhéadú go mór, chun a chinntiú go soláthrófar seirbhísí comhleanúnacha agus inrochtana ar ardchaighdeán ar fud na tíre.

Molann an Coiste gur ar leithligh agus gur éagsúil óna chéile a bheidh aon mhaoiniú a thabharfar don bhás cuidithe agus don chúram maolaitheach agus go ndéanfar soláthar dóibh i vótaí ar leithligh i mbuiséad na Roinne Sláinte.

Molann an Coiste go ndéanfar taighde ar an ngaol idir míbhuntáiste eacnamaíoch agus neamhionannais sláinte, agus ar cheist maidir le daoine a bhfuil ualach trom le hiompar acu.

Molann an Coiste, i gcás aon duine a mhainneachtain cloí le ceanglais reachtúla iomchuí is ceanglais lena rialaítear bás cuidithe, go mbeidh cion coiriúil déanta aige nó aici. 

Molann an Coiste go ndéanfar foráil in aon reachtaíocht a fhéadfaidh a bheith ann maidir le bás cuidithe, gur amhlaidh, i gcás duine a gciontófar comhéigean ina leith, go mbeidh cion coiriúil déanta aige nó aici faoin Acht.

Molann an Coiste go gcuirfear oiliúint ar ardchaighdeán do dhochtúirí agus d’oibrithe cúraim sláinte a bhfuil baint acu i mbás cuidithe a sholáthar, chun go mbeidh siad in ann comhéigean a shainaithint le linn dóibh othar a mheasúnú nó cóir leighis a chur air nó uirthi.

Molann an Coiste, i gcás gairmí liachta a bhfuil sé cruthaithe ina leith gur ghníomhaigh sé nó sí lasmuigh de na rialacháin cheadaithe nó go ndearna sé nó sí iarracht comhéigean a dhéanamh ar phearsa aonair, go mbeidh cion déanta aige nó aici faoin reachtaíocht a fhéadfaidh a bheith ann agus go bhféadfar é nó í a chur faoi dhliteanas.

Molann an Coiste go n-áireofar in aon reachtaíocht maidir le bás cuidithe, tuairisiú éigeantach don Gharda Síochána ar aon fhaisnéis nó fianaise a bhaineann le comhéigean a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil le bás cuidithe.

Molann an Coiste, i gcás amhras a bheith ann faoi chumas duine, gur chóir tástáil cumais i gcomhair cumais cinnteoireachta a bheith mar chuid den mheasúnú ar incháilitheacht le haghaidh báis chuidithe.

Molann an Coiste nach mór oiliúint ghairmiúil i gcumas agus toil duine a mheasúnú a bheith ag aon dochtúir a ghabhann don incháilitheacht le haghaidh báis chuidithe a chinneadh.

Molann an Coiste go ndéanfar, i gcás gur éirigh le hothar incháilitheacht a bhaint amach sa chéad mheasúnú ar bhás cuidithe agus má chailleann an t-othar cumas cinnteoireachta go sealadach, go ndéanfar an incháilitheacht sin a fhionraí ar feadh na tréimhse ar lena linn nach mbeidh an cumas sin aige nó aici.

Ní mholann an Coiste go gceadófar le treoracha príomhchúraim sláinte do phearsana aonair iarrataí ar bhás cuidithe a dhéanamh. Féadfar an tsaincheist a bhreithnú áfach, mar chuid d’aon athbhreithniú ar reachtaíocht maidir le bás cuidithe.

Molann an Choiste gur chóir don Roinn Sláinte an straitéis um chúram maolaitheach nuashonraithe a fhoilsiú gan mhoill agus gur chóir cúram maolaitheach agus oibriú an bháis chuidithe a bheith á n-oibriú go hiomlán ar leithligh agus go neamhspleách ar a chéile.

Molann an Coiste, i gcás go dtabharfar bás cuidithe isteach, go gceanglófaí measúnú ó shíciatraí cáilithe in imthosca ina meastar an t-othar a bheith cáilithe ach a bhfuil ábhair imní ann i dtaobh cibé acu an bhfuil an duine inniúil chun cinneadh feasach a dhéanamh.

Molann an Coiste go mbeadh incháilitheacht le haghaidh bás cuidithe teoranta do shaoránaigh na hÉireann nó dóibh sin a bhfuil gnáthchónaí orthu sa Stát ar feadh tréimhse nach giorra ná dhá mhí dhéag.

Molann an Coiste go mbeadh bás cuidithe teoranta do dhaoine atá 18 mbliana d’aois nó os a chionn.

Molann an Coiste, maidir le duine a bhfuil fáthmheas galair, breoiteachta nó riochta sláinte déanta ina leith agus gur galar, breoiteacht nó riocht sláinte é nó í: (a) atá doleigheasta agus doleasaithe; b) atá aibithe, forchéimnitheach agus ina chúis nó ina cúis le bás; c) a gceaptar ina leith go dtabharfar bás dá bharr laistigh de shé mhí (nó, i gcás duine ag a bhfuil galar, breoiteacht nó riocht néaraimheathlúcháin, laistigh de 12 mhí); agus d) is cúis leis an duine a bheith ag fulaingt agus nach féidir a mhaolú ar mhodh ar féidir leis nó léi é a sheasamh, go mbeidh an duine sin incháilithe le haghaidh measúnú ar bhás cuidithe.

Molann an Coiste nach mór dhá iarraidh fhoirmiúla ar bhás cuidithe a dhéanamh, agus go socrófaí idirthréimhse shonraithe idir an dá iarraidh sin. Ba chóir ceann amháin ar a laghad de na hiarrataí sin a thaifeadadh i scríbhinn, agus é sin os comhair beirt fhinnéithe neamhspleácha.

Molann an Coiste gur chóir go ndéanfaí le haon reachtaíocht a fhéadfaidh a bheith ann maidir le bás cuidithe, comhlacht náisiúnta a bhunú arbh é an t-aon chomhlacht amháin é a mbeadh freagracht air as seirbhísí báis chuidithe agus tacaíochtaí gaolmhara.

Molann an Coiste go ndéanfadh an comhlacht náisiúnta neamhspleách formhaoirsiú agus rialú ar gach iarratas ar bhás cuidithe agus ar phróisis ghaolmhara.

Molann an Coiste nach gceadófaí do dhaoine den teaghlach, cúramóirí, caomhnóirí nó sealbhóirí cumhachta marthanaí aturnae, bás cuidithe a iarraidh ar son duine eile.

Molann an Coiste go ndéanfaí le haon reachtaíocht a fhéadfaidh a bheith ann maidir le bás cuidithe rochtain ar chóir leighis a sholáthar do phearsana aonair a dteastaíonn cúnamh uathu le linn an tseirbhís a riaradh.

Molann an Coiste, i gcás go rithfear reachtaíocht maidir le bás cuidithe, nach mór dochtúir nó altra a bheith i láthair i rith phróiseas an bháis chuidithe agus nach mór dó nó di fanacht go dtí tar éis bhás an othair agus nach mór dó nó di cuntas a thabhairt don údarás freagrach ar aon substaintí atá fágtha.

Molann an Coiste go n-áireofar in aon reachtaíocht a fhéadfaidh a bheith ann maidir le bás cuidithe, foráil go ndéanfaí, i ndiaidh trí bliana, athbhreithniú foirmiúil ar oibriú na reachtaíochta.

Molann an Coiste nach mór a bheith in aon reachtaíocht maidir le bás cuidithe, mínithe ar na téarmaí a úsáidtear, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, tuairiscí liachta ar mhodhanna a bheadh ceadaithe faoin Acht.

CRÍOCH

Foilsíonn an Comhchoiste um Bás Cuidithe a thuarascáil deiridh.

Tá an Comhchoiste um Bás Cuidithe tar éis a thuarascáil deiridh a fhoilsiú inniu, Dé Céadaoin an 20 Márta.

Léigh an tuarascáil agus na moltaí ina n-iomláine anseo (nasc le cur isteach)

Fiosrúcháin ó na meáin

Áine McMahon

Tithe an Oireachtais

Oifigeach Cumarsáide

Teach Laighean

Baile Átha Cliath 2

+353 1 618 4149

+353 85 8707436

aine.mcmahon@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie

Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn