19 Márta 2024, 17:14
Tiocfaidh an Comhchoiste um Shláinte le chéile Dé Céadaoin, an 20 Márta chun Plean Seirbhíse Náisiúnta FSS, 2024 a phlé ar 9.30 a.m. i Seomra Coiste 2 de Theach Laighean.
Agus infheistíocht shuntasach á déanamh i gcúrsaí sláinte le roinnt blianta anuas, beidh deis ag ár gCoiste plé a dhéanamh amárach le FSS faoi conas atá seirbhís sláinte na hÉireann ag feidhmiú in 2024.
Cuirfimid fáilte roimh dhearcadh FSS ar ar cuireadh i bhfeidhm i mbliana chun Seirbhís Sláinte na hÉireann a fheabhsú, faoi conas atá sí ag tabhairt aghaidh ar an iliomad saincheisteanna a bhíonn á dtarraingt i gcónaí ag an gCoiste, agus chun eispéireas feabhsaithe a sheachadadh ar othair agus orthu siúd atá ag obair sna seirbhísí araon.
Is féidir an cruinniú a fheiceáil beo ar Oireachtas TV
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil ar Aip Fóin Chliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil ar ghléasanna Apple agus Android, freisin.
Fiosrúcháin ó na meáin
Stephen Higgins
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 (0) 1 618 4743
+353 (0) 85 801 3096
Twitter: @OireachtasNews