Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge ag plé Géarchéim na tithíochta i gCeantair Gaeltachta

9 Aib 2024, 16:15

Ag a chruinniú amárach, Dé Céadaoin, an 10 Aibreán 2024, pléifidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta, agus Phobal Labhartha na Gaeilge géarchéim thithíochta na gceantar Gaeltachta.

Beidh ionadaithe thar ceann na heagraíochta BÁNÚ ag teacht os comhair an Chomhchoiste chun taithí agus tuairimí phobal na Gaeltachta a phlé leis an gComhchoiste.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Cuireann an Comhchoiste fáilte mhór roimh an deis seo bualadh leis an eagraíocht nuabhunaithe BÁNÚ - beidh an-suim agam féin agus ag na Comhaltaí eile a chuid tuairimí a chloisteáil ar an ábhar seo. Táimid ag fanacht le fada an lá go bhfoilseofar treoirlínte pleanála agus tithíochta i gcás na Gaeltachta agus is ábhar díomá dúinn é go bhfuil moill leis sin.

“Tuigeann an Comhchoiste na deacrachtaí atá  ag glúin óg na Gaeltachta agus iad ag iarraidh cur fúthu ina gceantair dhúchais féin. Tuigeann an Comhchoiste go bhfuil daoine óga na Gaeltachta ag fágáil na háite toisc nach bhfuil an dara rogha acu ach é sin a dhéanamh, agus iad ag iarraidh áit chónaithe a fháil dóibh féin agus dá gcuid clainne Tá an Comhchoiste ag iarraidh ar an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta go bhfoilseoidh sé na treoirlínte Gaeltachta gan a thuilleadh moille. Anuas air sin, táimid ag iarraidh air teacht os ár gcomhair chun iad a phlé caol díreach tar éis a bhfoilsithe.

“Ní féidir le pobal na Gaeltachta agus glúin óg na Gaeltachta a bheith de shíor ag fanacht le dáta eisithe na dtreoirlínte atá á chur ar an méar fhada arís is arís eile. Tá toghchán náisiúnta ag teannadh linn agus mura bhfoilseofar na treoirlínte go luath, déanfar an Dáil a lánscor, agus cuirfidh sé sin tuilleadh moille le foilsiú agus le cur i bhfeidhm na dtreoirlínte céanna. Ní féidir le muintir na Gaeltachta glacadh leis sin.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí de chuid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Is féidir féachaint ar an gcruinniú seo beo ó Seomra Coiste 4 beo ar Teilifís an Oireachtais.

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, a bhfuil ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn