Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tá an Comhchoiste um Shaincheisteanna Ríthábhachtacha a théann i gCion ar an Lucht Siúil le cruinniú ‘Deis Cainte don Lucht Siúl ón Urlár’ a thionól i Seomra an tSeanaid

17 Aib 2024, 14:25

Beidh cruinniú ag an gComhchoiste um Shaincheisteanna Ríthábhachtacha a théann i gCion ar an Lucht Siúil (2023) amárach, Déardaoin an 18 Aibreán, i Seomra an tSeanaid le hionadaithe ón Lucht Siúil le haghaidh pléití ‘Deis Cainte don Lucht Siúl ón Urlár’.

Déanfar an cruinniú a gcuirfear tús leis ar 11 am a roinnt ina dhá sheisiún:

11am-1pm – Saincheisteanna Cóiríochta agus Oideachais;

2pm-4pm – Saincheisteanna Sláinte, Fostaíochta agus Ceartais.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Seanadóir Eibhlín Ní Fhloinn: “Tá an Coiste ag tnúth leis an gcruinniú poiblí seo dar teideal ‘Deis Cainte don Lucht Siúl ón Urlár’. Tabharfar, leis an gcruinniú seo a bheidh ar siúl i Seomra an tSeanaid, deis d’ionadaithe de chuid Phobal an Lucht Siúil a gcuid tuairimí a chur in iúl faoi bheartais an Stáit maidir le réimse éagsúil ábhar a fhearann ar shaolta daoine den Lucht Siúil.

Déanfaidh raon fairsing cainteoirí ó Phobal an Lucht Siúil plé ar cheisteanna amhail rochtain ar chóiríocht atá cuí ó thaobh cultúir de; rochtain ar chúram sláinte, lena n-áirítear seirbhísí meabhairshláinte; oideachas, lena n-áirítear breis-oideachas agus ard-oideachas; saincheisteanna óige; agus cearta daoine faoi mhíchumas agus tuilleadh nach iad;

“Tá an coiste buíoch de Chathaoirleach an tSeanaid, an Seanadóir Diarmuid Ó Buitiméir agus de Threoraí an tSeanaid, an Seanadóir Lisa Nic Ambróis, as úsáid Sheomra an tSeanaid don chruinniú rí-thábhachtach seo a éascú.

“Tá dóchas againn go bhféadfaidh Comhaltaí as dhá Theach an Oireachtais – chomh maith le lucht déanta beartas agus leis an bpobal – cloisteáil le linn an chruinnithe ó dhaoine de Phobal an Lucht Siúil faoina dtaithí i dtaca le maireachtáil in Éirinn sa lá atá inniu ann.”

14 Chomhaltaí atá ar an gComhchoiste um Shaincheisteanna Ríthábhachtacha a théann i gCion ar an Lucht Siúil, naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad. Athbhunaíodh an Coiste i mí an Mheithimh 2023 chun leanúint d’obair an Choiste roimhe sin, ar féidir a thuarascáil chríochnaitheach a fháil anseo.

Is féidir breathnú ar an gcruinniú i Seomra an tSeanaid beo ar Oireachtas TV.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn