Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Suíomh gréasáin uasghrádaithe Achtanna.ie, ar a bhfuil bunachar sonraí de reachtaíocht na hÉireann, seolta ag an gCeann Comhairle

18 Aib 2024, 14:00

Inniu, sheol an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl TD suíomh gréasáin uasdátaithe Achtanna.ie, ar suíomh é ar a bhfuil bunachar sonraí inchuardaithe de leaganacha achtaithe Achtanna an Oireachtais, agus na tiontuithe oifigiúla orthu, ó 1922 go dtí an lá inniu.

Rinneadh an suíomh gréasáin uasdátaithe a fhorbairt i gcomhpháirt le Rannóg an Aistriúcháin, arb í an tseirbhís aistriúcháin Gaeilge de chuid Thithe an Oireachtais í. Déantar leis an mbunachar sonraí acmhainn luachmhar a chur ar fáil do pholaiteoirí agus a gcomhaltaí foirne, d’aistritheoirí dlí, do dhlíodóirí, do mhic léinn agus don phobal i gcoitinne.

Dúirt an Ceann Comhairle: “Tá reachtaíocht an Stáit á foilsiú i mBéarla agus i nGaeilge ón mbliain 1922 i leith. Fágann sé sin go bhfuil breis is 100 bliain de reachtaíocht Ghaeilge foilsithe ag an Stát anois, rud nach beag.

“Tá sé tábhachtach go mbeidh an reachtaíocht sin ar fáil don saoránach, don lucht dlí, d’ionadaithe poiblí agus d’aon saoránach ar mhaith leo dlíthe na hÉireann a léamh i gceachtar den dá theanga oifigiúla. Ní foláir, mar sin, na hAchtanna agus na tiontuithe oifigiúla orthu a chur ar fáil don phobal ar shlí ar furasta dóibh teacht orthu, iad a léamh agus cuardach a dhéanamh iontu.

“Is leis an tuiscint sin ar an ngá atá ann a chinntiú go mbeidh fáil éasca ag an saoránach ar na hAchtanna agus ar na tiontuithe oifigiúla a rinne Seirbhís Thithe an Oireachtais cinneadh – níos mó ná 20 bliain ó shin anois – leas a bhaint as an idirlíon agus as an teicneolaíocht nua-aimseartha a bhí ar fáil chun an reachtaíocht phríomha a chur i láthair ar mhodh leictreonach. Theastaigh uainn a chinntiú nárbh in imleabhair in oifigí nó i leabharlanna amháin a bheadh an reachtaíocht phríomha agus na tiontuithe oifigiúla ar fáil a thuilleadh ach go mbeadh rochtain ghasta ag gach saoránach orthu ar líne.

“Tá dul chun cinn mór déanta le blianta beaga anuas sa teicneolaíocht agus tá féidearthachtaí nua tagtha chun cinn ó seoladh Achtanna.ie den chéad uair sa bhliain 2003.

“Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an Stát, le blianta beaga anuas, ó thaobh eolas agus tacaí a sholáthar dóibh siúd ar mian leo a ngnóthaí a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, agus is taca ar leith é Achtanna.ie do na saoránaigh sin.”

“Níl aon áis eile ann lena gcuirtear na leaganacha iomlána den reachtaíocht phríomha, agus na tiontuithe oifigiúla orthu, i láthair ar bhealach comhiomlánaithe. Go deimhin, tá sé de mhórchuspóir againn leis an suíomh seo go gcuideoidh an cur i láthair comhiomlánaithe comhthéacsúil leis an lucht dlí, le haistritheoirí, le múinteoirí agus teagascóirí, le hiriseoirí agus le daoine eile nach iad ina gcuid oibre trí mheán na Gaeilge.

“Is táirge luachmhar de chuid Sheirbhís Thithe an Oireachtais é Achtanna.ie. Is céim eile chun cinn é i réimse na reachtaíochta, na teicneolaíochta agus na Gaeilge féin. Molaim an obair mhór atá déanta ag Rannóg an Aistriúcháin agus ag an Aonad Teicneolaíochta Faisnéise. Tá súil agam go mbainfidh sibh féin lánúsáid as an suíomh, agus guím gach rath ar Achtanna.ie agus ar lucht a úsáidte.”

Dúirt an Príomh-Aistritheoir, Vivian Uíbh Eachach: “Tá áthas ar Rannóg an Aistriúcháin go bhfuil uasghrádú agus uasdátú déanta ar Achtanna.ie. Is mór an taca é suíomh sin na reachtaíochta dóibh siúd a dteastaíonn uathu rochtain a bheith acu ar an reachtaíocht phríomha agus ar na tiontuithe oifigiúla a ghabhann leis an reachtaíocht sin. Tá áis bunaithe, mar chuid den fhorbairt, chun uasdátú a dhéanamh ar an ábhar sa suíomh go leanúnach trí Achtanna nua agus tiontuithe oifigiúla nua a chur leis i rith an ama. Tá sé i gceist ag an Rannóg go mbeidh Achtanna.ie i lár an aonaigh feasta ó thaobh an reachtaíocht a chur i láthair an phobail go dátheangach.”

Tá feidhmiúlachtaí nua ar fáil ar an leagan nua de Achtanna.ie, amhail feidhm chuardaigh a ghlacfaidh le téacs i gceachtar den dá theanga. Ina theannta sin, tabharfar le fios don úsáideoir, sna torthaí cuardaigh Béarla, má tá leagan Gaeilge den Acht ina bhfuil an frása nó an focal sin ar fáil ar an suíomh.

Is féidir leis an úsáideoir dul go dtí leagan Gaeilge nó leagan Béarla an tsuímh gréasáin, agus tá an dá leagan nasctha le chéile, rud a fhágann go bhfuil an t-úsáideoir in ann dul láithreach ón leagan i dteanga amháin go dtí an leagan sa teanga eile.

Ar an leathanach brabhsála, tá liosta d’Achtanna an Oireachtais. Trí chliceáil ar an mbliain, feicfidh an t-úsáideoir liosta Achtanna don Bhliain sin. Féadfaidh an t-úsáideoir cuardach casta a úsáid chun teacht ar fhaisnéis shonrach, i.e. focal nó frása i dteideal fada/gearrtheideal/teideal ailt/focail nó frásaí i ngach Acht.

Léireofar le feidhm ‘scáileán roinnte’ téacs Gaeilge agus téacs Béarla Achta taobh le taobh agus uaslódáiltear ‘Tiontuithe Oifigiúla’ Gaeilge ar bhonn leanúnach. Tá naisc GA/EN taobh leis an téacs ar an scáileán roinnte freisin chun an t-úsáideoir a thabhairt go díreach chuig an airteagal/alt céanna den Acht sa teanga eile.

Barr
Roinn