Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Comhchoiste um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú, agus an Taoiseach chun Saincheisteanna a Bhaineann le Bloic Lochtacha Stroighne a phlé

30 Aib 2024, 14:30

Tiocfaidh an Comhchoiste um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú, agus an Taoiseach le chéile amárach, Dé Céadaoin an 1 Bealtaine chun Saincheisteanna a Bhaineann le Bloic Lochtacha Stroighne a phlé.

Le linn an chruinnithe ar 1.30 p.m. i Seomra Coiste 3 de Theach Laighean, cloisfear ó ionadaithe ó Chónaidhm Baincéireachta agus Íocaíochtaí na hÉireann, Árachas Éireann agus Innealtóirí Éireann.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste an Teachta Seán Mac Aonghusa: “Tá cloiste ag an gComhchoiste cheana ó úinéirí tí a bhfearann bloic lochtacha orthu a úsáideadh i bhfoirgniú a dteaghaisí faoi roinnt de na deacrachtaí a bhí rompu le bainc i dtaobh morgáistí agus oibreacha leighis a mhaoiniú.

Cuireann comhaltaí fáilte roimh an idirghabháil seo le Cónaidhm Baincéireachta agus Íocaíochtaí na hÉireann, Árachas Éireann agus Innealtóirí Éireann agus táimid ag tnúth anois le maoiniú mórgáistí agus banc agus leis an gcaoi a ndéileáiltear le sealbhóirí morgáiste dá ndearnadh dochar ag bloic lochtacha a phlé.

14 Chomhaltaí atá ar an gComhchoiste um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú, agus an Taoiseach, naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad.

Is féidir breathnú ar an gcruinniú i Seomra Coiste 3 beo ar Teilifís an Oireachtais.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn