Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Ceann Comhairle tar éis ‘Teacht le Chéile ar son na Síochána’ a óstáil chun an Lá Idirnáisiúnta um Maireachtáil le Chéile faoi Shíocháin de cuid na a chomóradh

16 Beal 2024, 12:12

D’óstáil an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl, ócáid inniu, Déardaoin, an 16 Bealtaine dar teideal ‘Teacht le Chéile ar son na Síochána’ chun an Lá Idirnáisiúnta um Maireachtáil le Chéile faoi Shíocháin de cuid NA a chomóradh a urramaítear gach bliain ar an 16 Bealtaine.

Tá téama na hócáide i gcomhréir leis an Lá Idirnáisiúnta um Maireachtáil le Chéile faoi Shíocháin de cuid NA atá sainainmnithe chun síocháin, caoinfhulaingt, uilechuimsitheacht, tuiscint agus dlúthphairtíocht ar fud an domhain a chur chun cinn.

D’fhógair an Ceann Comhairle sos nóiméid amháin ar son na síochána a d’urramaigh na daoine a bhí i láthair.

Dúirt Cór na nÓg amhráin le linn na hócáide ag a raibh Ceannairí Creidimh, comhaltaí den Chór Taidhleoireachta, Comhaltaí den Oireachtas agus de Chumann na nIarchomhaltaí i láthair.

Ag labhairt dó le linn na hócáide, dúirt an Ceann Comhairle: “De bhun an tSosa ar son na Síochána, Lá Fhéile Bríde, an 1 Feabhra, nuair a thógamar sos ar son na Síochána anseo i dTeach Laighean agus nuair a d’iarramar ar pharlaimintí idirnáisiúnta eile déanamh amhlaidh, ar bhreithnigh go leor acu déanamh dá réir, tagaimid le chéile inniu ar an Lá Idirnáisiúnta um Maireachtáil le Chéile faoi Shíocháin.”

Is deis é an Lá Idirnáisiúnta um Maireachtáil le Chéile faoi Shíocháin dúinn ar fad cuimhniú agus adhmháil a dhéanamh gurb éard é maireachtáil le chéile faoi shíocháin glacadh le héagsúlachtaí, agus a bheith in ann éisteacht le daoine eile, aitheantas a thabhairt dóibh, agus urraim agus meas a bheith againn orthu, chomh maith le maireachtáil ar bhealach síochánta agus comhaontaithe.”

Tá sé d’aidhm ag an lá seo seasamh leis an mian arb éard é maireachtáil agus gníomhú le chéile d’fhonn domhain inmharthana a chur ar bun ina mbeidh síocháin, dlúthpháirtíocht agus síth i réim. I dteannta an mhéid sin, is ócáid í do dhaoine teacht le chéile ón iliomad cúlra éagsúil.”

Tagaimid freisin leis an aidhm arb éard í an comhbhá riachtanach a chur chun cinn arb éard é daonnacht chomhpháirteach, a chuireann béim ar a thábhachtaí atá sé foghlaim ónar tharla san am a caitheadh agus bearta riachtanacha a ghlacadh le haghaidh todhchaí a bheidh níos síochánta. Is slí é Le Chéile faoi Shíocháin a ndéanfar iarrachtaí an phobail idirnáisiúnta a úsáid chun síocháin, caoinfhulaingt, uilechuimsitheacht, tuiscint agus dlúthpháirtíocht a chur chun cinn.”

Is den eispéireas stairiúil againn na tuairimí agus an cur chuige atá againn i dtaobh maireachtáil le chéile faoi shíocháin. Aithnímid a thábhachtaí atá meas agus tuiscint ar an éagsúlacht creidimh agus cultúir ar fud an domhain, plé agus comhchaibidlíocht a roghnú seachas achrann, agus oibriú le chéile. Ag machnamh dom ar théama an lae inniu, d’fhéadfainn a rá go bhfuil an domhain inniu i ngá gátarach an dóchais.”

Cé gur de chúlraí, agus go bhfuil peirspeictíochtaí againn, atá éagsúil óna chéile, is mian linn ar fad an tsíocháin. Le chéile, féadfaimid domhain a thógáil ina mbeidh méid is lú coinbhleachtaí agus foréigin, ach é a réalú trí dhlúthpháirtíocht, caoinfhulaingt agus athmhuintearas.”

An lá seo, arb éard é an Lá Idirnáisiúnta um Maireachtáil le Chéile faoi Shíocháin, agus sinn cruinnithe le chéile i láthair dealbha brád na ngaiscíoch úd, John Hume agus David Trimble, arb éard iad polaiteoirí ó Thuaisceart Éireann agus buaiteoirí Dhuais Noble na Síochána, déanaimis machnamh ar chaint John Hume, mar dhuine d’ailtirí Chomhaontú Aoine an Chéasta, á chur i gcuimhne dúinn gur chóir an éagsúlacht a aithint agus a chomóradh mar bhonn faoin tsíocháin – “Is cuid de dhlúth agus d’inneach na daonnachta an éagsúlacht. Is iomaí duine éagsúil a shaolaítear agus ní chóir don éagsúlacht riamh a bheith ina chúis le fuath ná le coinbhleacht. Tá prionsabal bunúsach na síochána sa mhéid sin: meas ar an éagsúlacht.”

Críoch

Tá grianghraif den ócáid ar fái ar chuntas Flickr an Oireachtais

Fiosrúcháin ó na meáin

Áine McMahon

Tithe an Oireachtais

Oifigeach Cumarsáide

Teach Laighean

Baile Átha Cliath 2

+353 1 618 4149

+353 85 8707436

aine.mcmahon@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie

Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn