2022
- Faigheann an Ghaeilge stádas iomlán mar theanga oifigiúil agus oibre
-
Ar an 1 Eanáir 2022, d’éag maolú lena gcuirtí srian ar an méid ábhair arna fhoilsiú ag institiúidí AE a d’fhéadfaí a aistriú go Gaeilge. Bhí seo i bhfeidhm ó 2007 i leith agus bhíothas á laghdú de réir a chéile ó 2015 i leith. Dá thoradh sin, tá an Ghaeilge anois ar chomhchéim leis na 23 theanga oifigiúla eile den AE, le stádas iomlán mar theanga oifigiúil agus oibre.
2016
- Reifreann na Ríochta Aontaithe maidir le comhaltas an Aontais Eorpaigh
-
Tar éis reifreann a reáchtáladh ar an 23 Meitheamh 2016, vótáil muintir na Breataine chun an tAontas Eorpach a fhágáil. Ar an 29 Márta 2017, thug an Ríocht Aontaithe fógra foirmiúil faoi Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach don Chomhairle Eorpach. Ina dhiaidh sin, bhí idirbheartaíochtaí maidir le téarmaí aistarraingthe na Ríochta Aontaithe, inar díríodh go mór ar chearta saoránaigh an Aontais Eorpaigh agus na Ríochta Aontaithe, an socrú airgeadais d’aistarraingt na Ríochta Aontaithe agus socruithe chun Teorainn chrua ar oileán na hÉireann a sheachaint.
2013
- Seachtú hUachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach
-
Ar an 1 Eanáir 2013 bhí Éire 40 bliain san Aontas Eorpach. Ar an lá céanna, ghlac Éire lena seachtú hUachtaránacht ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh faoi cheannaireacht an Taoisigh Enda Kenny.
Ba iad téamaí na hUachtaránachta Cobhsaíocht, Poist agus Fás. I rith na hUachtaránachta, socraíodh comhaontuithe maidir le Buiséad €960 billiún an AE ar feadh seacht mbliana (Creat Airgeadais Ilbhliantúil nó CAI), maoirseoir aonair le haghaidh earnáil na baincéireachta, agus buiséad €16 bhilliún i gcomhair oideachais agus oiliúna, óige agus spóirt (Erasmus do Chách). Socraíodh ar chomhaontuithe freisin maidir leis an 7ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil, maidir le hathchóiriú an Chomhbheartais Talmhaíochta agus an Chomhbheartais Iascaireachta agus socraíodh ar chomhaontú maidir le sainordú caibidlíochta le haghaidh Comhpháirtíocht Thrasatlantach Trádála agus Infheistíochta idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá.
2012
- An Conradh um Chobhsaíocht Fhioscach
-
I Márta 2012, shínigh 25 ballstát an Conradh um Chobhsaíocht, Chomhordú agus Rialachas, ar a dtugtar an Conradh um Chobhsaíocht Fhioscach. I dtosach, rinneadh idirbheartaíocht ar an gConradh mar chineál comhoibrithe bgreisithe idir ballstáit mar nár ghlac Poblacht na Seice agus an Ríocht Aontaithe páirt sa Chonradh. Rith muintir na hÉireann an Conradh i reifreann a reáchtáladh ar an 31 Bealtaine 2012.
Bunaíodh sraith rialacha fioscacha, ar a dtugtar an Comhshocrú Fioscach, i dTeideal III den Chonradh. Ceanglaíonn na rialacha sin ar pháirtithe sa chonradh buiséad cothromaithe a chothabháil (a shainmhínítear amhail easnamh buiséid nach mó ná 3% den OTI) agus tugtar isteach ceanglas nach sáródh easnamh struchtúrach stáit cuspóir buiséadach meántéarmach sonrach na tíre, nó go bhfuil sé ar chúrsa chun an cuspóir sin a bhaint amach. Tá sé seo socraithe ag 0.5% den OTI do thíortha ag a bhfuil cóimheas fiachas-le-OTI a sháraíonn 60%, ar féidir a ardú chuig 1% i gcás go mbíonn an cóimheas sin i bhfad níos ísle ná 60%. Tá riail fiachais sa Chomhshocrú Fioscach freisin, a éilíonn go mbeadh fiachas-le-OTI faoi 60% nó ag bogadh ina threo sin ag ráta leordhóthanach.
Tá an Conradh um Chobhsaíocht Fhioscach daingnithe anois ag gach Ballstát, tar éis don Chróit (2018) agus Poblacht na Seice (2019) an próiseas seo a chríochnú. Ach, mar gheall nach bhfuil an euro glactha ag gach páirtí sa chonradh, ní bhaineann forálacha an Chomhshocraithe Fhioscaigh ach le 22 ballstát; limistéar an euro mar aon leis an mBulgáir, an Danmhairg agus an Rómáin.
Ar deireadh, ceanglaíonn an Conradh freisin ar gach tír comhlacht neamhspleách a bhunú chun forfheidhmiú na rialacha fioscacha a mhonatóiriú. In Éirinn, is í seo Comhairle Fhioscach Chomhairleach na hÉireann (IFAC).
2010
- An Clár Tacaíochta Airgeadais d’Éirinn (Clár AE-CAI)
-
I mí na Samhna 2010, tar éis géarchéim baincéireachta agus géarchéim fhioscach sa deireadh thiar, d’aontaigh Rialtas na hÉireann go n-iarrfaí tacaíocht airgeadais go foirmiúil trí phacáiste ‘tarrthála’ (an Clár Tacaíochta Airgeadais d’Éirinn) arbh fhiú €85 billiún é.
Soláthraíodh an €85 billiún trí roinnt foinsí. Ina measc fuarthas an t-airgead ó Bhallstáit an Aontais Eorpaigh tríd an gCiste Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach, ó chomhpháirtithe seachtracha AE tríd an Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach, ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) agus trí iasachtaí déthaobhacha ó thrí Bhallstát AE (an Ríocht Aontaithe, an tSualainn agus an Danmhairg). D’fhág Éire Clár AE-CAI de thacaíocht airgeadais i mí na Nollag 2013.
2008-2009
- Conradh Liospóin
-
Reáchtáil Éire reifreann ar Chonradh Liospóin ar an 12 Meitheamh 2008. Buaileadh an reifreann agus 53.4% de thoghthóirí ag vótáil ‘Níl’. Ba í Éire an t-aon Bhallstát a reáchtáil reifreann ar an gConradh agus bhí iontas ar an Aontas Eorpach gur diúltaíodh dó anseo.
I measc na gcúiseanna gur buaileadh é bhí easpa eolais faoin gConradh, imní go rabhthas chun Coimisinéir AE buan a chailleadh agus imní freisin go gcaillfí an inniúlacht náisiúnta i dtaca le neodracht agus rátaí cánach náisiúnta.
Mar fhreagra ar dhiúltú thoghthóirí na hÉireann don Chonradh, fuair Rialtas na hÉireann roinnt ráthaíochtaí ó cheannairí an Aontais Eorpaigh. Ina measc sin bhí tiomantas nach gcuirfeadh an Conradh isteach ar dhlí ná ar bheartas na hÉireann ar shaincheisteanna áirithe cosúil le neodracht nó cáin. Ina theannta sin, choinneodh Ballstáit Coimisinéir AE buan. D’éirigh leis an dara reifreann a reáchtáladh ar an gConradh ar an 2 Deireadh Fómhair 2009 agus 67.1% de thoghthóirí ag vótáil ‘Tá’.
2007
- Éire ina teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh
-
In 2007, ainmníodh an Ghaeilge mar an 23ú teanga oifigiúil den Aontas Eorpach. Mar sin féin, ní raibh aistriúchán go Gaeilge ag teastáil ach amháin le haghaidh comhchinnteoireachta arna déanamh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle Eorpach. In 2015, d’fhógair Comhairle an AE an Aontais Eorpaigh go ndréachtódh sí reachtaíocht a chuirfeadh leis an nGaeilge de réir a chéile go dtí go mbeadh sí ina teanga oibre iomlán san Aontas Eorpach.
2004
- Séú hUachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach
-
Bhí Éire i mbun a séú hUachtaránacht ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh ó mhí Eanáir go mí an Mheithimh 2004 faoi cheannaireacht an Taoisigh Bertie Ahern. Ba é téama na hUachtaránachta ‘Eorpaigh – ag obair le chéile’. Cuireadh fáilte roimh dheich mBallstát nua isteach san Aontas Eorpach ar ‘Lá na gCéad Fáilte’ mar a thugtar air. Bhí an ócáid ar bun i bPáirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath an 1 Bealtaine 2004. Ba é sin an méadú aonair ba mhó riamh i stair an Aontais Eorpaigh. Cuireadh cainteanna ar an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip i gcrích i rith na hUachtaránachta.
2002
- Conradh Nice
-
Reáchtáil Éire reifreann ar Chonradh Nice ar an 7 Meitheamh 2001. Bhí sé ar an gcéad reifreann Eorpach ar dhiúltaigh an pobal dó. Buaileadh an reifreann agus 53.9% de thoghthóirí ag vótáil ‘Níl’. Níor tháinig amach chun vóta a chaitheamh ach 34.8% den phobal, an líon is ísle in aon reifreann faoin Aontas Eorpach.
Cé nach féidir a rá go cinnte cén fáth ar dhiúltaigh an pobal don Chonradh, meastar gur tharla sé mar gheall ar ábhair imní faoi leith maidir leis. I measc na n-ábhar imní sin bhí imní go gcaillfeadh Éire a stádas neodrachta, imní pholaitiúil agus gheilleagrach mar gheall ar an méadú beartaithe ar an Aontas Eorpach agus go gcuirfí laghdú ar ionadaíocht agus ar chumhacht na hÉireann laistigh de na hinstitiúidí AE.
Mar fhreagra ar dhiúltú thoghthóirí na hÉireann don Chonradh, fuair Rialtas na hÉireann dearbhú nach mbainfeadh an Conradh an bonn de neodracht na hÉireann. Reáchtáladh an dara reifreann ar an gConradh ar an 19 Deireadh Fómhair 2002. Ritheadh an reifreann agus 62.89% de thoghthóirí ag vótáil ‘Tá’.
1998
- Conradh Amstardam
-
Reáchtáil Éire reifreann ar Chonradh Amstardam an 22 Bealtaine 1998. Ritheadh an reifreann agus 61.74% de thoghthóirí ag vótáil ‘Tá’. Leagadh síos an bhunchloch anseo chun an tAontas a mhéadú tuilleadh agus chun institiúidí an Aontais Eorpaigh a athchóiriú.
1996
- Cúigiú hUachtaránacht na hÉireann ar an gComhairle Eorpach
-
Bhí Éire i mbun a cúigiú hUachtaránacht ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh ó mhí Iúil go mí na Nollag 1996 faoi cheannaireacht an Taoisigh John Bruton. Thángthas ar chomhaontú i rith na hUachtaránachta ar ábhair éagsúla a bhain le hairgeadra aonair a thabhairt isteach san Eoraip (an euro). Ina measc sin bhí an creat dlíthiúil a bheadh mar bhonn taca le húsáid an euro, an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis agus an Mheicníocht Rátaí Malairte nua. Glacadh le 'Dearbhú Baile Átha Cliath maidir le Fostaíocht' freisin i rith na hUachtaránachta. Leagadh síos bearta náisiúnta agus Comhphobail sa Dearbhú d'fhonn borradh a chur faoi fhostaíocht ar fud an Chomhphobail. Thosaigh Éire agus deich mBallstát eile ag tosú ag úsáid an euro go foirmiúil mar airgeadra oifigiúil, a tháinig in ionad a gcuid airgeadraí náisiúnta féin, an 1 Eanáir 2002.
1992
- An Conradh ar an Aontas Eorpach
-
Rinneadh an tAontas Eorpach (AE) de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) in 1993 faoi Chonradh Maastricht (an Conradh ar an Aontas Eorpach roimhe sin). Reáchtáil Éire reifreann ar Chonradh Maastricht an 18 Meitheamh 1992. Ritheadh an reifreann agus 69.1% de thoghthóirí ag vótáil ‘Tá’. I gConradh Maastricht, réitíodh an bealach chun Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA) a chruthú, ina mbeadh roinnt Ballstáit AE, ach ní gach ceann. Tugtar limistéar an euro air sin anois.
1990
- Ceathrú hUachtaránacht na hÉireann ar an gComhairle Eorpach
-
Bhí Éire i mbun a ceathrú hUachtaránacht ar Chomhairle na gComhphobal Eorpach ó mhí Eanáir go mí an Mheithimh 1990 faoi cheannaireacht an Taoisigh Charles Haughey. I rith na hUachtaránachta, reáchtáladh cruinniú speisialta den Chomhairle Eorpach i mBaile Átha Cliath i mí Aibreáin 1990. D’aontaigh an Chomhairle cur chuige coiteann maidir le haontú na Gearmáine ionas go gcomhtháthófaí go réidh iarchríoch Phoblacht Dhaonlathach na Gearmáine (Oirthear na Gearmáine) isteach san Aontas. Aontaíodh chomh maith cur chuige coiteann maidir le caidreamh an Chomhphobail le tíortha Lár agus Oirthear na hEorpa tar éis titim an ‘Chuirtín Iarainn’.
1986-1987
- An Ionstraim Eorpach Aonair
-
Ar Oíche Nollag 1986 shínigh an tUachtarán Patrick Hillery Acht na gComhphobal Eorpach (Leasú), 1986, a thug forálacha na hIonstraime Eorpaí Aonair i ndlí na hÉireann. Ach, ar an lá céanna lorgaíodh urghaire ón Ard-Chúirt a chuir cosc ar Rialtas na hÉireann an Conradh a dhaingniú gan an cheist a chur ar reifreann i dtosach.
I mí Aibreáin 1987, in Crotty v an Taoisigh, rialaigh an Chúirt Uachtarach mar gheall gur “céim shuntasach agus chinntitheach ar an gcosán chuig beartas eachtrach Eorpach aonair” a bhí san Ionstraim Eorpach Aonair, nach bhféadfaí í a dhaingniú ach le reifreann.
Ar an 26 Bealtaine 1987, reáchtáladh reifreann ar an Ionstraim Eorpach Aonair. Vótáil seachtó faoin gcéad de thoghthóirí ar a shon. Mar gheall ar na himeachtaí breithiúnacha, chaill Éire spriocdháta an 1 Eanáir chun an Conradh a dhaingniú. Chuir sé seo moill ar a theacht i bhfeidhm ar fud an Aontais Eorpaigh ar fad.
Ó chinneadh na Cúirte Uachtaraí in Crotty v an Taoisigh i leith, cuireadh gach Conradh Eorpach ar reifreann in Éirinn.
1984
- Tríú hUachtaránacht na hÉireann ar an gComhairle Eorpach
-
Bhí Éire i mbun a tríú hUachtaránacht ar Chomhairle na gComhphobal Eorpach ó mhí Iúil go mí na Nollag 1984 faoi cheannaireacht an Taoisigh Garret FitzGerald. Shínigh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa an Comhaontú Trádála agus Comhair Eacnamaíoch leis an tSín i rith na hUachtaránachta.
Éacht mór de chuid na hUachtaránachta seo ab ea a cuid oibre ar chomhaontú a bhaint amach ar cheist na cabhrach daonnúla san Afraic. I rith an ama sin, d'aontaigh Ballstáit IR£23 milliún breise a leithdháileadh i bhfoirm cabhair éigeandála don Afraic agus 100 tonna breise grán i bhfoirm cúnamh éigeandála bia a leithdháileadh i dtreo bearta faoisimh ó ghorta.
1979
- Dara hUachtaránacht na hÉireann ar an gComhairle Eorpach
-
Bhí Éire i mbun a dara hUachtaránacht ar Chomhairle na gComhphobal Eorpach ó mhí Iúil go mí na Nollag 1979 faoi cheannaireacht an Taoisigh Jack Lynch agus ina dhiaidh sin an Taoisigh Charles Haughey. I mí an Mheithimh 1979, den chéad uair riamh, thogh saoránaigh na hEorpa ionadaithe go díreach chuig Parlaimint na hEorpa. Thogh Éire 15 ionadaí, nó Comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa.
Ba é Simone Veil an chéad Uachtarán ar Pharlaimint na hEorpa. Cheap Simone Veil bean Éireannach, Anne-Marie Manson-Hennon, ar fhoireann comh-aireachta de chomhairleoirí speisialta an Uachtaráin. I measc na ndualgas a bhí ar Anne-Marie Manson-Hennon thug sí an t-eolas ar fad don Uachtarán maidir le hobair 15 choiste na Parlaiminte.
1975
- Eurofound
-
Is é an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) an chéad ghníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh a bheidh bunaithe in Éirinn. Tá a cheanncheathrú i dTeach Bhaile Uí Lachnáin i mBaile Átha Cliath.
Cuireann Eurofound eolas ar fáil le cabhrú le beartais shóisialta, fostaíochta agus oibre a fhorbairt. Soláthraíonn sé freisin eolas, comhairle agus saineolas maidir le dálaí oibre agus maireachtála agus tacaíonn sé le hinstitiúidí agus comhlachtaí, ballstáit agus comhpháirtithe sóisialta de chuid an Aontais Eorpaigh chun beartais shóisialta agus fostaíochta a fhorbairt agus a fhorfheidhmiú. Cuirtear comhphlé sóisialta ar bhonn eolas comparáideach, taighde agus anailíse chun cinn trí go leor dá chuid oibre.
1974
- An tAcht in aghaidh Idirdhealú (Pá), 1974
-
Bhí Éire i mbun a céad Uachtaránachta ar Chomhairle na gComhphobal Eorpach ó mhí Eanáir go mhí an Mheithimh 1975 faoi cheannaireacht an Taoisigh Liam Cosgrave. Ritheadh an Treoir um Phá Comhionann (Treoir 75/117/CEE ón gComhairle) lenar bunaíodh an prionsabal maidir le pá comhionann d'fhir agus do mhná i rith na hUachtaránachta.
Thángthas ar chomhaontú i rith na hUachtaránachta chun obair a thosú ar Aontas Pasanna agus cearta Comhphobail choitinn a chruthú do shaoránaigh an Chomhphobail Eorpaigh. Dúirt an Dr Garret FitzGerald, iar-Thaoiseach, gur chuidigh an rath a bhí ar chéad Uachtaránacht na hÉireann ar an gComhairle chun clú a bhaint amach d'Éirinn mar thír a bhí dáiríre faoin Eoraip.
1973
- I gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa
-
Tar éis roinnt blianta ag réiteach agus iarratas roimhe sin, shínigh Éire Conradh Aontachais le dul isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE – an tAontas Eorpach nó AE anois) in 1972. D'fhág ballraíocht i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, nach é an tOireachtas amháin a dhéanfadh na cinntí maidir le dlíthe sa Stát as sin amach, agus mar sin bhí gá le reifreann chun an Bunreacht a leasú.
Reáchtáladh an reifreann an 10 Bealtaine 1972. Vótáil ceathrar as cúigear (83.09% de thoghthóirí) ar son an reifrinn. Tháinig go leor daoine amach le vóta a chaitheamh, 70.3% de thoghthóirí. Chuaigh Éire isteach in CEE ar an 1 Eanáir 1973.
- An Comhbheartas Talmhaíochta
-
Bunaíodh an Comhbheartas Talmhaíochta in 1962 faoi Chonradh na Róimhe. Ba é cuspóir an Chomhbheartais táirgeadh bia a mhéadú trí phraghsanna ráthaithe a thairiscint d’fheirmeoirí dá gcuid táirgí agus ar an gcaoi sin bheifí in ann an soláthar a bhainistiú.
I measc leasuithe móra ó shin i leith tugadh isteach an Aoníocaíocht Feirme, rinneadh díchúpláil ar thacaíocht feirme ó tháirgeadh agus táthar ag díriú anois ar chosaint don chomhshaol agus leas ainmhithe. Níos déanaí anuas faoi athchóirithe 2014-2020 ar an gComhbheartas Talmhaíochta, tá an Scéim Íocaíochta Bunúsaí tagtha in ionad na hAoníocaíochta Feirme.
Bhí ról lárnach ag Coimisinéir Talmhaíochta na hEorpa ag an am agus ag an iar-Aire Airgeadais, Ray MacSharry, in 'athchóirithe MacSharry' in 1992. Laghdaíodh tacaíocht praghsanna le hathchóirithe MacSharry d'fhonn díchumadh trádála a laghdú agus tugadh isteach íocaíochtaí díreacha chun feirmeoirí a chúiteamh.
In 2016, fuair feirmeoirí na hÉireann €1.2 billiún in íocaíochtaí díreacha agus leithdháileadh €494 milliún le hinfheistiú i bhforbairt na tuaithe ó bhuiséad Chomhbheartas Talmhaíochta an Aontais Eorpaigh.
- An Comhbheartas Iascaireachta
-
Tá 22% d'uiscí an Aontais Eorpaigh 7.500km amach ó chósta na hÉireann. Mar náisiún oileáin, bhí ról tábhachtach riamh ag iascaigh sa chaidreamh idir Éire agus an tAontas Eorpach ó chuaigh Éire isteach san Aontas Eorpach.
Bhunaigh an tAontas Eorpach an Comhbheartas Iascaireachta sna 1970idí. Is é príomhaidhm an Chomhbheartais Iascaireachta bainistíocht a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta an Aontais Eorpaigh agus a chomhshaol iascaireachta agus muirí a chosaint do ghlúine amach anseo.
I measc leasuithe móra a rinneadh ar an gComhbheartas Iascaireacht tugadh isteach na Gabhálacha Iomlána is Incheadaithe le haghaidh stoc éisc, cuótaí iascaireachta le haghaidh Ballstát agus bearta rialaithe agus forfheidhmithe chun an Comhbheartas a fhaire agus a fhorfheidhmiú.
In 2015, ghlac an tAontas Eorpach le pacáiste infheistíochta €239 milliún le haghaidh earnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe na hÉireann ar feadh sé bliana ó 2014 go dtí 2020. Chuir an tAontas Eorpach €147 milliún ar fáil don phacáiste infheistíochta. Chuir Éire an chuid eile den mhaoiniú ar fáil. In 2016, d'éirigh le Rialtas na hÉireann méadú 233,500 tonna a bhaint amach dá cuóta iascaireachta san Aontas Eorpach le haghaidh 2017. Is fiú €280 milliún é sin do thionscal iascaireachta na hÉireann.
Údar: Seirbhís Leabharlainne agus Taighde an Oireachtais
Nuashonraithe go deireanach: 18 Eanáir 2021