Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste Airgeadais chun breithniú a dhéanamh ar an tuarascáil maidir le seirbhísí comhair creidmheasa a fheabhsú in Éirinn

30 Ean 2019, 11:18

Déardaoin ar 10 a.m., beidh cruinniú ag an gComhchoiste um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú, agus an Taoiseach le comhaltaí de Ghrúpa Forfheidhmiúcháin Thuarascáil an Choiste Chomhairligh um Chomhar Creidmheasa chun breithniú a dhéanamh ar an tuarascáil chríochnaitheach uathu maidir le hathchóiriú ar earnáil na gcomhar creidmheasa. 

Dhírigh an Grúpa Forfheidhmiúcháin, arb í an Roinn Airgeadais a chathaoirleach, ar na moltaí ón CCCC a chur i bhfeidhm maidir le comhair chreidmheasa a fhorbairt in Éirinn. Léirítear sa tuarascáil chríochnaitheach an dul chun cinn atá déanta agus tá inti treochlár 2019 don earnáil. Tugann sé aghaidh freisin ar chuid mhaith de na saincheisteanna a dhúisítear sa Tuarascáil maidir leis an Athbhreithniú ar Earnáil na gComhar Creidmheasa ón gComhchoiste.

“Ba chóir gur bhliain thábhachtach í 2019 do na comhair chreidmheasa in Éirinn de bharr na n-athruithe rialaitheacha ar iasachtaí a thabhairt atá le dul in éifeacht”, arsa Cathaoirleach an Choiste Seán Mac Aonghusa TD.

“D’fhéadfadh cuid de na comhair chreidmheasa is mó na tairiscintí morgáiste acu, chomh maith le seirbhísí eile is gnách a lua le bainc, lena n-áirítear cuntais reatha, cartaí dochair agus rótharraingtí, a mhéadú. Chruthófaí leis na forbairtí seo níos mó roghanna airgeadais do ghnóthaí beaga agus do theaghlaigh araon”, arsa an Teachta Mac Aonghusa.

Is féidir an cruinniú i Seomra Coiste 2 a fheiceáil beo anseo.

Léigh Tuarascáil Chríochnaitheach Ghrúpa Forfheidhmiúcháin an CCCC anseo.

Léigh an Tuarascáil maidir leis an Athbhreithniú ar Earnáil na gComhar Creidmheasa ón gCoiste anseo.

Fiosrúcháin ó na meáin

Seán Pogaĉnik
Oifigeach Cumarsáide
Tithe an Oireachtais
Teach Laighean
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4203
+353 86 701 3295
shawn.pogatchnik@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn