10 Beal 2021, 12:59
Tiocfaidh an Comhchoiste um Leanaí, Míchumas, Comhionannas agus Lánpháirtíocht le chéile amárach, Dé Máirt, an 11 Bealtaine, leis an Aire Anne Rabbitte chun nuashonrú a fháil ar na bearta a glacadh i bhfianaise na tuarascála ón Ombudsman do Leanaí dar teideal ‘Riachtanais nach bhfuil Comhlíonta’.
Freastalóidh an tAire Stáit sa Roinn Sláinte ar a bhfuil freagracht maidir le Míchumas agus oifigigh ón Roinn ar an gcruinniú seo ó chian agus reáchtálfar an cruinniú ar 3.30 p.m. i Seomra Coiste 2 i dTeach Laighean.
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Kathleen Funchion, an méid seo a leanas: “Tá an Coiste ag súil go mór le nuashonrú a fháil ón Aire Rabbite maidir le hiarrachtaí na Roinne chun dul i ngleic leis na saincheisteanna a tháinig chun solais sa tuarascáil ‘Riachtanais nach bhfuil Comhlíonta’, go háirithe an imní a léiríodh maidir le leanaí a chaill amach ar Mheasúnú ar Riachtanais sula raibh siad cúig bliana d’aois mar thoradh ar na liostaí feithimh fada faoin Scéim Luath-Idirghabhála.”
Tá 14 Chomhalta ag an gComhchoiste um Leanaí, Míchumas, Comhionannas agus Lánpháirtíocht , naonúr comhaltaí ón Dáil agus cúigear ón Seanad.
Is féidir an cruinniú i Seomra Coiste 2 a fheiceáil beo ar Oireachtas.ie.
Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste ar Aip Fón Cliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil d’fhearais Apple agus Android.
Fiosrúcháin ó na meáin
Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews