Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Todhchaí na hÉireann le bheith á plé ag Coiste an Oireachtais le MLA Trevor Lunn agus leis an Urramach Karen Sethuraman

10 Beal 2021, 13:33

Buailfidh an Comhchoiste um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta le Trevor Lunn, CTR, agus leis an Urramach Karen Sethuraman chun plé a dhéanamh ar thodhchaí na hÉireann ag cruinniú fíorúil i dTeach Laighean amárach, Dé Máirt, an 11 Bealtaine ar 9.30am.

Is ó Sheomra Coiste 3 a reáchtálfar an cruinniú. Comhalta Neamhspleách den Tionól Reachtach (CTR) thar ceann Ghleann an Lagáin is ea Trevor Lunn. Bhí sé ina Mhéara ar Lios na gCearrbhach agus ina chomhalta ar Pháirtí an Chomhaontais. Is le déanaí a chuaigh sé leis an eagraíocht, Todhchaí na hÉireann (Ireland’s Future).  Is í an tUrramach Karen Sethuraman an chéad Urramach Baisteach mná in Éirinn. Faoi láthair tá sí ina Tréadaí do Soulspace, Mol um Shíocháin agus Chomhréiteach, atá lonnaithe i mBéal Feirste. Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, Fergus O’Dowd TD: “Cuireann an Coiste fáilte roimh an bplé seo leis an Uas. Lunn agus an tUrramach Sethuraman chun éisteacht lena gcuid tuairimí faoin mbealach is fearr ar aghaidh d’oileán na hÉireann agus dá mhuintir.

“Cuirtear fáilte roimh an deis chun a gcuid tuairimí a chloisteáil i leith moltaí atá á ndéanamh maidir leis an mbealach is fearr ar aghaidh d’Éirinn lena n-áirítear féidearthacht agus inmharthanacht socruithe bunreachtúla nua ar an Oileán’.”

Féach ar an gCoiste beo.

Barr
Roinn