Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Comhchoiste um Leanaí, Míchumas, Comhionannas agus Lánpháirtíocht chun an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Fheighlíocht Leanaí 2021-2028 a bhreithniú

24 Beal 2021, 14:00

Buailfidh an Comhchoiste um Leanaí, Míchumas, Comhionannas agus Lánpháirtíocht le chéile amárach, Dé Máirt, an 25 Bealtaine, chun an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Fheighlíocht Leanaí 2021-2028 a bhreithniú.

Déanfar an cruinniú a chraoladh ó Sheomra Coiste 2 i dTeach Laighean ag 3:30pm agus labhróidh na daoine seo a leanas:

·         An Cumann Óige – Marian Quinn, Cathaoirleach, agus Ida Lane;

·         Feighlíocht Leanaí Éireann – Bernadette Orbinski Burke, Príomhfheidhmeannach, agus Mary Walsh, Cathaoirleach;

·         Luathóige Éireann – Teresa Heeney, Príomhfheidhmeannach, agus Frances Byrne, Stiúrthóir Beartas agus Abhcóideachta.

Agus í ag labhairt roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Kathleen Funchion, an méid seo a leanas: “D’fhoilsigh an tAire Leanaí an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Fheighlíocht Leanaí 2021-28 an mhí seo caite agus leagtar amach ann céimeanna i dtreo rialaithe, tacaíochta agus fóirdheontas, le haghaidh gach feighlí leanaí ar íocaíocht, nach bhfuil gaolta, a fhorbrófar thar na hocht mbliana amach romhainn. Tá an Coiste ag súil go mór le tuairimí na ngeallsealbhóirí sin ar an bplean a fháil. Is é is aidhm leis an bplean tacú le forbairt leanaí agus torthaí foghlama agus cuidiú le teaghlaigh ag tacú le feighlithe leanaí le luathfhoghlaim, cúram don luathóige agus cúram do leanaí bunscoile ar ardchaighdeán a chur ar fáil.

Tá 14 Chomhalta ag an gComhchoiste um Leanaí, Míchumas, Comhionannas agus Lánpháirtíocht, naonúr comhaltaí ón Dáil agus cúigear ón Seanad.

Is féidir an cruinniú i Seomra Coiste 2 a fheiceáil beo ar Oireachtas.ie.

Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste ar Aip Fón Cliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil d’fhearais Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn