Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coiste Oireachtais le bualadh le hionadaithe do Theaghlaigh Bhaile Uí Mhurchú

24 Beal 2021, 16:00

Cloisfidh an Comhchoiste um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta ó ionadaithe do Theaghlaigh Bhaile Uí Mhurchú ag cruinniú amárach, Dé Máirt, an 25 Bealtaine, i dTeach Laighean, Seomra Coiste 3 ag 9:30 am.

  • John Teggart (mac le Daniel Teggart)
  • Carmel Quinn (deirfiúr le John Laverty)
  • Padraig Ó Muirigh, Ó Muirigh Solicitors

Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, Fergus O’Dowd TD: “Fuarthas amach san fhiosrúchán go raibh an deichniúr uile a scaoileadh i mBaile Uí Mhurchú 50 bliain ó shin go hiomlán neamhchiontach agus gur díréireach a bhí an fórsa a úsáideadh orthu ar an lá sin. Tá an Coiste ag súil go mó le héisteacht leis na hionadaithe amárach; le tuiscint a fháil ar an gciall atá leis na torthaí sin dóibh féin agus le fáil amach conas is féidir linn cuidiú leis na teaghlaigh agus lena dtacadóirí. Cuirim fáilte is fiche roimh phlé le gach uile rannpháirtí.”

Is féidir leat amharc ar an gcruinniú, i Seomra Coiste 3, ar shuíomh gréasáin an Oireachtais.

Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ar Leathanach Gréasáin an Choiste. Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste ar Aip Fón Cliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil d’fhearais Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Jason Kiernan

Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2

+353 1 618 4486

+353 86 701 5235 

jason.kiernan@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie

Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn