25 Beal 2021, 15:15
Buailfidh an Comhchoiste um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú, agus an Taoiseach le chéile amárach, Dé Céadaoin, an 26 Bealtaine, chun leanúint ar aghaidh leis an bplé le hionadaithe ó thionscal an árachais.
Ag an gcruinniú, a bheidh ar siúl ag 12.30pm i Seomra Coiste 4 i dTeach Laighean, labhróidh ionadaithe de chuid Axa Insurance, AIG agus Innealtóirí Éireann.
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta John McGuinness, an méid seo a leanas: “I ndiaidh an phlé a bhí againn an tseachtain seo caite le cuideachtaí móra eile sa mhargadh árachais anseo, tá an Coiste ag tnúth go mór leis an bplé seo le hionadaithe ó Axa agus AIG. Ba mhian le comhaltaí a dtuairimí a chloisteáil maidir le hárachas briste ghnó le haghaidh gnólachtaí a dúnadh le linn na paindéime, tuairiscí go bhfuiltear ag diúltú do bheartais cosanta morgáiste a chur ar fáil do dhaoine mar gheall ar Covid-19, agus treoirlínte nua do chomhairle na mbreithiúna maidir le dámhachtainí gortaithe phearsanta agus an tionchar a bheidh acu ar leibhéil na bpréimheanna. Déanfaimid plé ar imní a chuir Innealtóirí Éireann in iúl maidir le deacrachtaí atá ag a mbaill cumhdach iomlán árachais a fháil freisin.”
Tá 13 Chomhalta ag an gComhchoiste um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú, agus an Taoiseach, naonúr comhaltaí ón Dáil agus ceathrar ón Seanad.
Is féidir an cruinniú i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Oireachtas.ie.
Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste ar Aip Fón Cliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil d’fhearais Apple agus Android.
Fiosrúcháin ó na meáin
Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews