Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Comhchoiste um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Spórt agus Meáin chun cothromaíocht na gceart sa Bhille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán Ar Líne, 2020, a phlé le geallsealbhóirí

25 Beal 2021, 12:45

Buailfidh an Comhchoiste um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Spórt agus Meáin le chéile amárach, Dé Céadaoin, an 26 Bealtaine, chun leanúint ar aghaidh leis an nGrinnscrúdú Réamhreachtach ar an mBille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán Ar Líne, 2020.

Déanfar an cruinniú, a bheidh ar siúl ag 12.30pm i Seomra Coiste 3 i dTeach Laighean, a roinnt ina dhá sheisiún:

·         12.30-1.10pm – Ionadaithe ó Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (IHREC);

·         1.15-2.30pm – Ionadaithe ó Chomhairle na hÉireann um Shaoirsí Sibhialta (ICCL) agus ionadaithe ó Chearta Digiteacha na hÉireann (DRI).

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Niamh Smyth, an méid seo a leanas: “Baintear cothromaíocht amach leis an mBille sin maidir le cosaint roinnt de na cearta a leagtar amach sa Bhunreacht, lena n-áirítear an ceart chun tuairimí a nochtadh, an ceart chun cumarsáid a dhéanamh agus an ceart chun príobháideachais. Cuireadh imní in iúl maidir le sainmhínithe agus ainmnithe atá le fáil sa Bhille, go háirithe maidir le réimsí na seirbhísí ar líne, ábhair dhíobhálaigh agus rialaithe meán.

“Tá an Coiste ag tnúth go mór leis na cúrsaí sin agus ábhair eile a bhaineann leis an Scéim Ghinearálta a phlé le hionadaithe IHREC, ICCL agus DRI, agus muid ag leanúint lenár ngrinnscrúdú ar an reachtaíocht sin.”

D’fhoilsigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Scéim Ghinearálta den Bhille i Nollaig 2020 agus tá trí théama ghinearálta le fáil inti:

         Cuid 2 agus 3: Bunú Choimisiún na Meán agus díscaoileadh Údarás Craolacháin na hÉireann;

         Cuid 4: Sábháilteacht ar Líne; agus

         Cuid 5 agus 6: Seirbhísí Closamhairc Ar Éileamh agus forálacha éagsúla maidir le trasuí Threoir AE maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc.

Tá 14 Chomhalta ag an gComhchoiste um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Spórt agus Meáin, naonúr comhaltaí ón Dáil agus cúigear ón Seanad.

Is féidir an cruinniú i Seomra Coiste 3 a fheiceáil beo ar Theilifís an Oireachtais.

Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste ar Aip Fón Cliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil d’fhearais Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn