Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste um Chuntais Phoiblí chun iniúchadh a dhéanamh ar Ráitis Airgeadais an Choimisiúin ar Achomhairc Chánach ó 2019.

7 Iúil 2021, 16:00

Buailfidh an Coiste um Chuntais Phoiblí (PAC) le chéile amárach, Déardaoin, an 8 Iúil, chun iniúchadh a dhéanamh ar Ráitis Airgeadais an Choimisiúin ar Achomhairc Chánach ó 2019.

Déanfar an cruinniú a chraoladh ag 9.30am ó Sheomra Coiste 3 i dTeach Laighean agus déanfaidh sé scrúdú freisin ar Chaibidil 14 de thuarascáil 2019 an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, tuarascáil a bhaineann le hachomhairc chánach a bhainistiú.

Ag an gcruinniú, labhróidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, Seamus McCarthy, agus ina dhiaidh sin labhróidh ionadaithe ón gCoimisiún um Achomhairc Chánach, caint a bheidh faoi cheannas an Chathaoirligh, Marie-Claire Maney.   

Dúirt Leaschathaoirleach an Choiste, Brian Stanley: “Bunaíodh an Coimisiún um Achomhairc Chánach sa bhliain 2016 chun cinntí a bhainistiú agus a dhéanamh ar achomhairc ó cháiníocóirí atá míshásta le measúnacht chánach nó le cinneadh a rinne na Coimisinéirí Ioncaim. Ag deireadh na bliana 2019, bhí 3,357 achomharc oscailte ar luach €3.8 billiún. Ba é an meán-am a raibh na cásanna faoi achomharc ar an dáta sin ná dhá bhliain, agus bhí beagnach an ceathrú cuid de na cásanna sa chóras achomhairc ar feadh trí bliana nó níos mó. Tá an Coiste ag tnúth le plé a dhéanamh ar an ualach cásanna sin, ar chóras nua bainistithe cásanna a shainfháil, agus ar thionchar Covid-19 ar obair an Choimisiúin.”

Is féidir an cruinniú i Seomra Coiste 3 a fheiceáil beo ar Oireachtas.ie.

Is buanchoiste de Dháil Éireann é an Coiste um Chuntais Phoiblí a dhíríonn ar a chinntiú go reáchtáiltear seirbhísí poiblí go héifeachtúil agus go mbaineann siad luach ar airgead amach.

Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste ar Aip Fón Cliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil d’fhearais Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn