Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Beidh cruinniú ag an gComhchoiste um Chomhshaol agus Gníomhú ar son na hAeráide le ESB Networks agus le Electric Ireland, faoi leith, amárach

3 DFómh 2022, 15:50

Tiocfaidh an Comhchoiste um Chomhshaol agus Gníomhú ar son na hAeráide le chéile amárach, Dé Máirt, an 4 Deireadh Fómhair, le haghaidh cruinniú le ESB Networks agus le Electric Ireland, faoi leith.

Cruinniú dhá sheisiún a bheidh ann ar 11 a.m. i Seomra Coiste 3 de Theach Laighean:

  • 11am – Naisc Eangaí le hionadaithe ó ESB Networks;
  • 12.30pm – Arduithe ar Phraghsanna Fuinnimh le hionadaithe ó Electric Ireland.

Dúirt an Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Brian Ó Loideáin: “Tá ESB Networks freagrach as an líonra dáileacháin leictreachais a phleanáil, a thógáil, a chothabháil agus a oibriú. Tá an Coiste ag tnúth le plé a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo líonra ísealcharbóin a fhorbairt a ghinfidh 80 faoin gcéad de leictreachas na hÉireann trí fhoinsí in-athnuaite faoi 2030, chomh maith le leathnú amach méadar cliste chuig custaiméirí ar fud na tíre.

“Sa dara seisiún againn, pléifidh an Coiste an tionchar a bheidh ag an méadú nach bhfacthas riamh cheana ar phraghsanna mórdhíola gáis, arb é an cogadh san Úcráin is mó is cúis leis, ar chostas an tsoláthair leictreachais in Éirinn agus ar na billí arda a mbíonn ar thomhaltóirí aghaidh a thabhairt orthu. Tá suim ar leith ag Comhaltaí a chloisteáil faoina bhfuil á dhéanamh ag Electric Ireland chun cabhrú lena chustaiméirí a bhfuil deacrachtaí acu a gcuid billí a íoc, go háirithe na daoine is leochailí inár bpobal.”

14 Chomhaltaí atá ar an gComhchoiste um Chomhshaol agus Gníomhú ar son na hAeráide, naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad.

Is féidir an cruinniú i Seomra Coiste 3 a fheiceáil beo ar Oireachtas TV.

Is féidir imeachtaí na gcoistí a fheiceáil freisin ar Aip Fhóin Chliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil d’fheistí Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn